Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Gallán Chill na Ruán
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Gallán Chill na Ruán
Siar ó dheas de Bheanntraí tá Gallán Chill na Ruán ar cuid de luathimfhálú eaglasta é, in éineacht le bruach cré ciorclach, reilig, ceithre bhollán dhomhaineitreacha, agus dhá bhallán. Bhunaigh Naomh Breandán an t-imfhálú sa 6ú haois.
Tá an gallán os cionn 2 m ar airde agus maisithe go breá. Tá ceithre phainéal ar an aghaidh thiar theas: tá dhá phíosa de chrosfhí ribín sa chéad dá phíosa, tá fíor ag guí sa dara painéal, tá cros Ghréagach sa tríú ceann, agus tá léiriú de Naomh Pól agus Naomh Antaine sa cheathrú phainéal agus iad ina suí ag bord, arán ina lámha acu.
Tá an aghaidh thoir thuaidh roinnte ina trí phainéal: tá fothracha de chrosfhí bhíseach ar barr, tá dhá phéire ainmhithe ar an dara painéal, agus tá bád le ceathrar iomróirí ar an tríú ceann agus fíor ar an stiúir chun deiridh, ag iomramh trí fharraige cros.
Seans go ndearnadh slad agus foghail ar an láithreán eaglasta seo le linn ré na Lochlannach idir 795 go dtí 1014 agus gur tréigeadh é go gairid ina dhiaidh sin.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chill na Ruán
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Gallán Chill na Ruán Gallán Greanta Chill na Ruán, Grianghrafadóir: An Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann Dearadh na croise ar Ghallán Chill na Ruán, Grianghrafadóir: An Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann An tírdhreach timpeall ar Chill na Ruán, Grianghrafadóir: An Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann
Suíomhanna cóngarach
Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Timpeall 8.9 km ón Gallán Chill na Ruán
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 41.4 km ón Gallán Chill na Ruán
Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 46.7 km ón Gallán Chill na Ruán
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile
Timpeall 65.1 km ón Gallán Chill na Ruán
Daingean Míleata Rinn Chorráin
Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain
Timpeall 66.9 km ón Gallán Chill na Ruán
Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl
Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige
Timpeall 73.7 km ón Gallán Chill na Ruán