Láithreán Mainistreach Oileán tSeanaigh
Ceann de na hoileáin is mó d’Oileáin an Mhachaire
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Láthair Mhainistreach Oileán tSeanaigh atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Láithreán Mainistreach Oileán tSeanaigh
Tá Oileán tSeanaigh ar an gceann is mó de roinnt oileáin bheaga a dtugtar Oileáin an Mhachaire orthu le chéile, ar an taobh ó thuaidh de Leithinis an Mhachaire, Co. Chiarraí. Imfhálú de chuid na Luath-Chríostaíochta is ea é seo ina bhfuil dhá shéipéilín bheaga, trí leacht, trí chlochán choirceogacha, reilig agus balla cloiche. Tugadh míreanna eile faoi deara freisin, ina measc dhá bhallán, cros chloiche, cloigín láimhe agus leaca croise.
Cairn le haghaidh cloiche ar chruth dronuilleogach atá sna trí leacht. Tá siad 1m ar airde le lear mór cloichíní grianchloiche le feiceáil iontu. Siar ón leacht sa lár tá cros chloiche. Tá a ciumhaiseanna fiartha agus tá ceithre pholl ag crosáil na coise, dar le saineolaithe gur greamaíodh plaic anseo.
Fuarthas ceann den dá bhallán, ceann beag le log ciorclach géar ar an taobh, ag bun croise cloiche. Fuarthas an dara ballán ar an trá.
Tá na trí chlochán déanta as clocha singile coirbéalta agus tá siad ar fad gan díon. Tá roinnt marcóirí ísle ina seasamh i sraitheanna rialta sa reilig.
Tá séipéilín amháin taobh istigh de thiús an bhalla imfhálaithe soir ó dheas, déanta as cloch shingil choirbéalta agus tá an balla thoir imithe de bharr creimeadh cósta. Tá leac mhór amháin fós ann.
Tá an dara séipéilín níos mó ná an chéad cheann agus é soir ó dheas sa lonnaíocht. Tá cruth báid air gan díon, agus é tógtha le cloch shingil choirbéalta agus é 2.6m ar airde. Tá an bealach isteach trí dhoras sa bhalla thiar. Tugann fuinneog dhronuilleogach le lindéar sa bhinn thoir solas. Tá altóir de chloch shingil thíos faoin bhfuinneog agus tugann saineolaithe faoi deara uirlisiú atá cosúil leis an stíl Rómhánúil Éireannach a thacaíonn leis an smaoineamh gur bhain an séipéilín seo leis an 12ú haois.
Fuarthas sliogcharn ó theas taobh istigh den imfhálú agus tá sliogáin, cnámha ainmhithe, clocha scoilte agus dóite agus gualach mar chuid de.
Baineadh na trí leac croise agus tugadh chuig an séipéilín mór iad, ní fios cá raibh siad ó thús. Cloch chruinn mhín atá i leac chroise amháin agus cros Laidineach ar aghaidh amháin le barra sínte laistigh de chiorcal. Eitre shingil leanúnach atá sna géaga leis an gceann agus an bonn deighilte le dromanna ísle. Tá cros laistigh de chiorcal snoite ar an dá aghaidh den dara leac chroise. Tá an tríú leac chroise briste i dtrí chuid agus mar sin ní féidir déanamh amach cad atá inscríofa air.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Láthair Mhainistreach Oileán tSeanaigh
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 16.2 km ón Láithreán Mainistreach Oileán tSeanaigh
Ionad an Bhlascaoid
An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda
Timpeall 37.0 km ón Láithreán Mainistreach Oileán tSeanaigh
Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach
Timpeall 38.5 km ón Láithreán Mainistreach Oileán tSeanaigh
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 46.0 km ón Láithreán Mainistreach Oileán tSeanaigh
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 46.5 km ón Láithreán Mainistreach Oileán tSeanaigh
Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 63.1 km ón Láithreán Mainistreach Oileán tSeanaigh