Skip to content

Oidhreacht Éireann

Láthair Mhainistreach Cheanannais

Is ann a bhí Leabhar cáiliúil Cheanannais uair amháin

Unguided sites

Páirceanna Baile
Contae na Mí

Láthair Mhainistreach Cheanannais

Is ann a bhí Leabhar cáiliúil Cheanannais uair amháin

Unguided sites

Páirceanna Baile
Contae na Mí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Cloigtheach Cheanannais

*Tá an láithreán dúnta faoi láthair i ngeall ar oibreacha caomhnaithe atá ar bun*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Láthair Mhainistreach Cheanannais

Is é Naomh Colm Cille a bhunaigh lonnaíocht mhainistreach Cheanannais i lár an 6ú haois. Athlonnaíodh taisí Naomh Colm Cille ó Í go Ceanannas in 878AD. Deirtear go raibh siad i dTeach/gCillín Naomh Colm Cille tráth den saol.

Gabhann an chéad taifead deimhnithe de Chloigtheach Cheanannais siar go dtí 1076 tráth ar maraíodh Rí na Teamhrach, Murchadh O’Melaghlin ann. Tá an doras isteach 1.5 m os cionn leibhéal na talún, tá áirse chruinn air agus é déanta as gaineamhchloch. Tá cúig urlár sa túr, agus tá a liag mhullaigh chónúil ar iarraidh, agus tá cúig fhuinneog ghéara ag an mbarr. Go hiondúil bíonn fuinneoga príomhairde ag barr na gcloigthithe, ach creidtear go bhféachann na cúig fhuinneog ghéara ar bharr an chloigthí amach ar na bóithre rochtana agus ar gheata bhaile Cheanannais.

Thángthas ar cúig chros taobh istigh den lonnaíocht mhainistreach a bhíodh ann roimhe sin. Tá bonn sa chros ó Thuaidh, a rinneadh as gaineamhchloch, atá maisithe le crosfhí. Tá léirithe éagsúla ar an gCros Theas, ar a dtugtar Cros Naomh Pádraig agus Naomh Colm Cille, ina measc Ádhamh agus Éabha, Cáin agus Áibil, na leanaí san fhoirnéis, agus Dainéil i bpluais an leoin ar a aghaidh thoir. Tá crosfhí ar a cheann agus seacht gcabhradh ag an gcros, íobairt Íosác, Naomh Pól agus Naomh Antaine, agus Dáiví ag seinm na cláirsí. Tá an chros chéasta ar an taobh thiar de agus Críost faoi Ghlóir ar an gceann. Ar na géaga is faide uait tá léiriú de Dháiví ag marú leoin ó thuaidh agus ó dheas. Níl an Chros Thoir, ar a dtugtar an chros bhriste freisin, críochnaithe agus léirítear uirthi baisteadh Chríost, féasta pósta Chána, tógáil Lazaras ó mhairbh, Críost agus an bhanadhaltrach, léiriú d’Íosa sa Teampall, an Triúr Saoithe agus Héaród, Ádhamh agus Éabha, an Áirc, Maois san Éigipt, agus Maois leis an bpiléar tine.

Bhí Leabhar Cheanannais, an lámhscríbhinn ornáideach is cáiliúla in Éirinn ina bhfuil na ceithre shoiscéal sa Laidin, á choimeád roimhe seo i lonnaíocht mhainistreach Cheanannais.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoin Chloigtheach Cheanannais

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol