Skip to content

Oidhreacht Éireann

Láthair Mhainistreach Dhíseart Uí Dheá

Láthair mhainistreach a bhfuil clú uirthi as a gnéithe Rómhánúla agus a miondearaí

Unguided sites

Molainín, Contae an Chláir

Láthair Mhainistreach Dhíseart Uí Dheá

Láthair mhainistreach a bhfuil clú uirthi as a gnéithe Rómhánúla agus a miondearaí

Unguided sites

Molainín, Contae an Chláir

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Láthair Mhainistreach Dhíseart Uí Dheá atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Láthair Mhainistreach Dhíseart Uí Dheá

Tá an séipéal agus an cloigtheach ón 12ú haois lonnaithe ar dhíseart Críostaí ón 8ú haois a bhunaigh Naomh Tola, a cailleadh idir 733 agus 737. Tá corp eaglaise agus córlann sa séipéal féin ach is é an doras Rómhánúil ilchasta an ghné is iomráití den fhoirgneamh seo. Tá sé le fáil sa bhalla theas. Is radharc iontach é stua amuigh an dorais sin, áit a bhfuil 19 gcloigne daoine agus ainmhithe snoite.

Tá ardchros álainn i nDíseart Uí Dheá ag an mbealach isteach chuig tailte an tséipéil. Baineann an ardchros leis an 12ú haois chomh maith. Tá fíor de Chríost ar an gcros ar an aghaidh thoir mar aon le heaspag faoina bhun; dar le daoine áirithe go seasann an t‑easpag do Naomh Tola, agus dar le daoine eile gur léiriú ar Naomh Mánála é. Faightear dearaí geoiméadracha, crosfhí ainmhithe agus fíoracha daonna ar thaobhanna eile agus ar bhonn na hardchroise.

Chuaigh an séipéal chun raice sa deireadh, ach tógadh athuair é in 1683. Ba é sin an t‑am a rinne Mícheál Ó Deá an ardchros a atógáil. Bhain sé úsáid as clocha cúinne an tséipéil faoi choinne an bhoinn. Tá an chros, an bonn san áireamh, 12 throigh ar airde.

Rinneadh daingean den chloigtheach atá taobh leis an séipéal sa 16ú haois. Tá fothrach an túir tuairim is 60 troigh ar airde sa lá atá inniu ann. Tá taobh amháin nach bhfuil ach 12 throigh ón talamh, áfach. 

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Dhíseart Uí Dheá

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol