Skip to content

Oidhreacht Éireann

Láthair Mhainistreach Dhoire na bhFlann

An láthair inar thángthas ar Chailís Dhoire na bhFlann

Unguided sites

An Lorga
Contae Thiobraid Árann

Láthair Mhainistreach Dhoire na bhFlann

An láthair inar thángthas ar Chailís Dhoire na bhFlann

Unguided sites

An Lorga
Contae Thiobraid Árann

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Doire na bhFlann

*Tabhair faoi deara: uaireanta bíonn beostoc sa pháirc atá mórthimpeall an tséadchomhartha seo*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Láthair Mhainistreach Dhoire na bhFlann

Is oileán beag tirim é láthair mhainistreach ársa Dhoire na bhFlann a bhfuil talamh portaigh timpeall air. Is é Naomh Ruadhán as Lothra a bhunaigh é sa 6ú haois, an chéad ainm a bhí air ná Doire-Eidnigh: Doire an Eidhneáin. Tá baint ag an ainm atá air faoi láthair le beirt chléireach ón 9ú haois: Fland mac Duib Thuinne as Dairinis, a fuair bás in 821, agus Fland mac Fairchellaig, a fuair bás in 825. Ciallaíonn Doire na bhFlann coill darach na bhFlann. Creidtear go raibh an láthair mhainistreach faoi bhláth idir an 8ú agus 10ú haois tráth a raibh baint aici le gluaiseacht Celi Dé. Ach an oiread le cuid mhaith lonnaíochtaí mainistreacha eile a raibh rath orthu, ba mhinic leis na Lochlannaigh ruathair a dhéanamh air. Toisc gur cosúil gur tháinig meath ar Dhoire na bhFlann faoi dheireadh an 9ú haois, d’fhéadfadh sé go raibh baint mhór ag ruathair na Lochlannach leis an meath sin. Ag deireadh an 17ú agus 18ú haois, is cosúil go raibh mainistir Phroinsiasach ar an oileán, ach gur tréigeadh í tar éis 1724.

Gabhann dátaí an tséipéil thar dhá thréimhse: tá an mheánlann agus an saingeal a bhaineann le tréimhsí difriúla déanta as aolchloch, agus an saingeal ag dul siar go dtí an 13ú haois. Tá linn ionnalta gaineamhchloiche cheannchruinn Rómhánúil, fuinneoga le ceann trídhuilleach agus ballán le fáil taobh istigh den saingeal. Is beag atá fágtha den mheánlann, níl ann ach píosaí balla agus antae seans.

Tagraíonn Taisce Dhoire na bhFlann do na cúig shoitheach liotúirgeacha ar thángthas orthu in 1980. Is dóigh gur cuireadh na míreanna i dtalamh chun iad a chosaint ar bhriseadh agus foghail a rinne na Lochlannaigh nó dream Éireannach. I measc na míreanna sin bhí cailís airgid, ar a dtugtar Cailís Dhoire na bhFlann, paiteana ar a dtugtar paiteana Dhoire na bhFlann, síothlán liotúirgeach cré-umha, fonsa airgid, agus báisín cré-umha, agus rinneadh cur síos orthu go léir mar shamplaí tábhachtacha de mhiotalóireacht oileánach. Tá siad go léir ar taispeáint anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Láthair Mhainistreach Dhoire na bhFlann

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol