Skip to content

Oidhreacht Éireann

Láthair Mhainistreach Inis Muirígh

Oileán mainistreach a bhí ann tráth, agus é anois ina thearmann fiadhúlra

Unguided sites

Inis Muirígh
Contae Shligigh

Láthair Mhainistreach Inis Muirígh

Oileán mainistreach a bhí ann tráth, agus é anois ina thearmann fiadhúlra

Unguided sites

Inis Muirígh
Contae Shligigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Inis Muirígh atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní cheadaítear rochtain ag bád cuairteoirí chuig an oileán*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Láthair Mhainistreach Inis Muirígh

Bunaithe sa 6ú haois ag Naomh Molaise, nó Laisrén (ainm a chiallaíonn solas níos lú), is sampla dea-chaomhnaithe (bíodh is gur athchóiríodh go páirteach é) é Inis Muirígh ar imfhálú eaglasta, le cuid de na cealla cloiche is fearr atá ann ar fad, cosúil leis na cinn a fhaightear ar Sceilg Mhichíl.

Tá an láthair mhainistreach scaipthe ar fud an oileáin ar fad, agus an limistéar lárnach iata laistigh de bhallaí cloiche singile atá 3 mhéadar ar airde. Tá an t-imfhálú seo, atá leagtha amach mar chaiseal, comhdhéanta de thrí shéipéal (Eaglais Naomh Molaise, Teampall na bhFear, Teampall na Tine), clocháin, leachtanna (struchtúir bheaga chloiche), clocha mallaithe, agus reilig.

Lasmuigh den imfhálú tá tobar naofa, Eaglais na mBan, reilig, chomh maith le neart leachtanna a fheidhmíonn mar stadanna d’oilithrigh, go háirithe ar Fhéile na Deastógála.

Tá dealbh de Naomh Molaise a bhíodh ar an oileán tráth ar taispeáint anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Sa lá atá inniu ann, feidhmíonn an t-oileán mar thearmann fiadhúlra do raon speiceas éan.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Láthair Mhainistreach Inis Muirígh

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol