Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Agaistíneach an Chláir

Mainistir arna bunú ag Rí

Unguided sites

Mainistir an Chláir, Contae an Chláir

Mainistir Agaistíneach an Chláir

Mainistir arna bunú ag Rí

Unguided sites

Mainistir an Chláir, Contae an Chláir

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir an Chláir

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Agaistíneach an Chláir

Ballóg mainistreach Agaistíní is ea Mainistir an Chláir atá suite siar ón bhForghas ag deireadh sliosbhóthair chaoil i gcúinne thoir theas na hInse. Ba í an mhainistir ba mhó agus ba thábhachtaí de na mainistreacha Agaistíneacha i gContae an Chláir í.

Tugadh ‘Mainistir Pheadair agus Phóil ag Kilmony’ uirthi i dtús báire. Bunaíodh í timpeall na bliana 1189. Deirtear gurbh é Domnall Mór Ua Briain, Rí Thuamhan, a d’éag sa bhliain 1194, a chuir an mhainistir ar bun.

San áireamh i bhfothrach na mainistreach tá séipéal maille le túr cloigthí cearnógach galánta agus dornán foirgnimh thís ó dheas agus soir ón séipéal, timpeall ar clabhstra gairdín. Aisteach go leor, níl rian ar bith d’fhoirgnimh ar an taobh thiar. Macasamhail a lán ballóga eaglasta ón meánaois, bhain teaghlaigh na háite leas as an talamh ar an taobh istigh le daoine a chur. Sa bhliain 1871, thóg an tUasal Tomás Mac Conchra, Leasionadaí, as Teach Dhrom Mór, an Ruán, Contae an Chláir, mórthuama Victeoiriach ar an taobh thoir (in aice le ceann córlainne an tséipéil) dó féin agus dá theaghlach.

Téann cuid den séipéal siar go dtí an 12ú haois. San áireamh ann tá corp eaglaise fada (pasáiste amháin) agus saingeal. Tá an túr cloigthí, a bhfuil an staighre inmheánach in easnamh air, eatarthu. Baineann na foirgnimh eile leis an 15ú haois. Tá trí fhuinneog thábhachtacha agus a bhféitheach cuanna ón ré sin fós ann. Tá an fhuinneog thiar ar shiúl ina hiomláine.

Dhíscaoil Anraí VIII, Rí Shasana an mhainistir in 1541 ach tá dealramh air go raibh Canónaigh an oird inti suas chomh fada le 1650.

Is iad na trí fhuinneog féithigh ón gcúigiú haois déag na gnéithe ailtireachta is suntasaí sa mhainistir. Tá péire acu sa saingeal. Tá íomhá bheag d’éadan duine snoite os cionn an chochaill san fhuinneog rinneach thoir ina bhfuil trí léas.  Le feiceáil os cionn na bunfhuinneoige i mbinn theas an taoibh thoir tá dearadh féithigh ilchasta ina bhfuil sé thrídhuille agus ceathairdhuille; tá sé suite i gcochall starrach atá múnlaithe go galánta.

Rinneadh clocha scaoilte a d’fheictí sna foirgnimh tráth a chóiriú agus a athshuí in 1898 agus in 1899 agus bhíodh tuama mór, gan aon inscríbhinn, sa chuas thuaidh faoin túr. Tá fianaise ann ar chros ghreanta iar-Normannach. Sa 19ú haois, chuaigh na tuamaí inléite ba shine siar go dtí deireadh an seachtú haois déag. Toisc an tsíonchaithimh ó shin, áfach, ní féidir cuid mhór acu a léamh anois.

Mar thoradh ar nochtadh seandálaíochta ar na mallaibh, is cosúil gur iompórtáladh fíon agus coimeádáin stórála go dtí an mhainistir ó iardheisceart na Fraince agus ó Bhriostó ón 12ú haois amach, agus gur itheadh na manaigh a lán mairteola, muiceola, caoireola agus iasc.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol