Mainistir Agaistíneach Chill Eoin
Cuid de bhailiúchán stairiúil Mainistreacha laistigh de bhaile Inse
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Chill Eoin
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Agaistíneach Chill Eoin
Tá Mainistir Chill Eoin suite i ngleann iargúlta álainn ar chladach Loch Chill Eoin. Bhunaigh Donal Mór Ó Briain an ‘clochar’ do na hAgaistínigh ag deireadh an 12ú haois sa tréimhse chéanna le Mainistir an Chláir.
Tá Mainistir Chill Eoin suite sa ‘Bharúntacht Oileán’ thart ar trí chiliméadar siar ó theas de shráidbhaile Dhroichead an Chláir, agus 4 km ó theas de bhaile Inse. Bunaíodh é mar Chlochar Agaistíneach in aice leis an ‘Tobar Beannaithe’ gaolmhar ar chladach thuaidh Loch Chill Eoin, a bhfuil an dá cheann acu tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste.
Cuireadh faoi chos é in 1584 agus taifeadadh é mar fhothracha in 1617.
Taifeadadh bás a chéad bhan-aba, Sláine, iníon Dhónaill Mhóir Uí Bhriain, in 1260. Creidtear gurbh í Sláine deirfiúr Dhonnchadh Carbreach Uí Bhriain, rí Thuamhan (bás 1242), a bhunaigh Mainistir Phroinsiasach Inse in aice láimhe.
Taifeadadh bás ban-aba eile, Dubhchollaithigh Uí Bhriain, in 1350, agus taifeadadh bás Regnalda Ui Bhriain in 1510.
Ba í Iníon Honora O’Brien an bhan-aba deiridh a taifeadadh. Le linn a hóige, lean sí an saol cráifeach i gCill Eoin, agus d’éalaigh sí chun an Ridire Roger O’Shaughnessy a phósadh, lena raibh leanaí aici sular thug an Pápa dispeansáid di dá bpósadh.
Tar éis díscaoileadh, bronnadh Mainistir Chill Eoin ar Mhuirbheach Ó Briain, 1ú Iarla Thuamhan (bás 1551), athair Honora.
Tá ‘clochar’ Chill Eoin ar cheann de roinnt láithreacha mainistreach iontacha timpeall ar bhaile Inse, i gCo. an Chláir, in éineacht le Mainistir an Chláir (Agaistíneach), agus mainistreacha Proinsiasacha Inse agus Chuinche.
Tá na foirgnimh suite timpeall ar chlabhstra, agus an séipéal ar an taobh ó thuaidh de. Tá fothracha de na raonta thoir, theas agus thiar fós le feiceáil, cé gurb é an raon thoir an ceann is fairsinge de na trí cinn, a bhuí d’obair mhór caomhnaithe. Tá fuinneog an-ornáideach ar an taobh thoir den séipéal sa stíl Rómhánúil Dheireanach lena n-ionchorpraítear staighre idirmhúrach (laistigh de bhallaí an fhoirgnimh) le huchtbhalla an tséipéil. Sa chúinne thoir theas ar an taobh amuigh den séipéal tá cúinne cloiche maisiúil (uillinn sheachtrach balla) i gcruth ceann agus géaga mná, ar cosúil go dtugann siad tacaíocht ‘shiombalach’ don séipéal.
Tá Tobar Beannaithe agus altóir Naomh Eoin soir ó thuaidh den chlochar.
Taifeadtar i léarscáileanna luatha bealach oilithrigh a nascann an láthair le Mainistir an Chláir.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 4.7 km ón Mainistir Agaistíneach Chill Eoin
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 23.0 km ón Mainistir Agaistíneach Chill Eoin
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 30.5 km ón Mainistir Agaistíneach Chill Eoin
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 39.7 km ón Mainistir Agaistíneach Chill Eoin
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 40.9 km ón Mainistir Agaistíneach Chill Eoin
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 45.3 km ón Mainistir Agaistíneach Chill Eoin