Mainistir agus Cloigtheach Dhroim Leathan
Láithreán tábhachtach a bhí i Mainistir Dhroim Leathan a bhain le Naomh Aodán nó Maedhóg. Níl fágtha de anois ach struchtúir an chloigthí agus an tséipéil mheánaoisigh. Gabhann an cloigtheach siar go dtí an 11ú nó 12ú haois, agus cuireadh foirgneamh meánaoiseach in áit an tséipéil a bhí ar an láthair anseo roimhe seo.
De réir sheanchas mhuintir na háite, deirtear go gcloistear an cloigín ón seanséipéal ag bualadh, gach cúpla bliain, ó bhun Loch Dhroim Leathan.
Bhí Droim Leathan mar áit adhlactha do na Raghallaigh – na Tiarnaí Gaelacha áitiúla – agus gabhann na fothracha de na cuasáin thuama siar go dtí deireadh thréimhse na meánaoise.
Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí tús le hoibreacha caomhnaithe chun bail sheasmhach a chur ar bhalla binne thoir an tséipéil in 2014, faoi stiúir an iar-Ailtire Caomhantais Shinsearaigh Ana Dolan. Tugadh na hoibreacha fairsinge sin chun críche in 2017. Féach alt Ana ar an obair chaomhnaithe a rinneadh: https://heritageireland.ie/articles/drumlane-abbey-and-round-tower/
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014