Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Chistéirseach Bheigthí

Is é Rí na Mí a bhunaigh í don Ord Cistéirseach

Unguided sites

Beigthigh
Contae na Mí

Mainistir Chistéirseach Bheigthí

Is é Rí na Mí a bhunaigh í don Ord Cistéirseach

Unguided sites

Beigthigh
Contae na Mí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Bheigthí atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Chistéirseach Bheigthí

Tá Mainistir Bheigthí suite ar bhruach ard ó thuaidh den Bhóinn, leathbhealaigh idir an Uaimh ó thuaidh, agus Baile Átha Troim siar ó dheas, agus níos lú ná aon chiliméadar (.62 de mhíle) soir ó dheas ón R161 ó Chrois Uí Chonaill.

Faoi ghairm na Maighdean Beannaithe, agus ar ar tugadh Abbatia de Beatitudine, óna gceaptar gur caimiléireacht atá san ainm Beigthigh, bhunaigh Murchard O’Melaghlin, Rí na Mí, an mhainistir in 1147AD don Ord Cistéirseach. Is é an t-aon fhoirgneamh é a tógadh don Ord i gContae na Mí. Ba Bharún i bParlaimint na Páile a bhí ina ab a chaith an bairrín. Bhí Caisleán Bheigthí gar don Mhainistir lá den saol. Tógadh an caisleán in 1014AD agus creidtear go raibh sé ar cheann de na foirgnimh chloiche ba luaithe in Éirinn, taobh amuigh de Chloigthithe na tíre a raibh neart díobh ann. Thug muintir na háite an teideal Iarla Bheigthí do mhuintir Taylor.

In 1186, mharaigh duine dá chuid oibrithe Hugh de Lacy, Tiarna na Mí faoin Rí Anraí II, fad is a bhí sé ag faire fhoirgneamh Mhainistir Dharú agus cuireadh a chorp san áit sin. In 1195, tógadh a chorp aníos agus cuireadh a chorp dícheannta i Mainistir Bheigthí, agus seoladh a cheann lena chur chuig Mainistir San Thomáis i mBaile Átha Cliath. Tar éis don dá mhainistir a bheith in adharca a chéile ar feadh i bhfad dá chorp, tógadh a chorp óna áit adhlactha i mBeigthigh in 1205 agus athadhlacadh é i Mainistir San Thomáis, sa tuama ina raibh a chéad bhanchéile.

Gach bliain dá raibh sí gníomhach, thugadh scoláirí, oirfidigh agus oilithrigh ón Mór-roinn cuairt ar Bheigthigh. I leabharlann na Mainistreach taisceadh os cionn cúig mhíle imleabhar lámhscríbhinní a scríobhadh i nGréigis, sa Laidin, in Eabhraise agus i Spáinnis.

Tráth Dhíscaoileadh na Mainistreacha, a thionscain Rí Anraí VIII Shasana in 1536, bhí 245 acra i dtailte diméin Bheigthí. Tuairiscítear go raibh “séipéal, halla, agus clabhstra, agus seomraí áirithe agus foirgnimh eile” ann le linn na tréimhse sin. Ar an 31 Iúil 1542, géilleadh an Mhainistir don Choróin, agus úsáideadh í ina dhiaidh sin mar theach mainéir daingnithe. Taispeántar le hiarsmaí túir mhóir chearnógaigh starraigh agus, taobh leis, áit chónaithe Thúdarach ar a bhfuil fuinneoga breátha muilleanacha, an fhorbairt a tháinig ar an láithreán sa 16ú haois.

Bhí roinnt teaghlach éagsúil i gceannas ar an maoin ina dhiaidh sin, ina measc muintir Agard, Wyse agus Dillon, agus bhí sé i seilbh mhuintir Bolton sa deireadh timpeall ar an mbliain 1639, tráth ar bhronn Rí Shasana, Séarlas I, é ar Sir Richard Bolton. Bhí sé i seilbh shliocht Sir Richard ar feadh cúpla céad bliain, go dtí, sa 19ú haois, gur thóg siad Teach Bheigthí in aice láimhe. In 1864, chaith Richard Bolton lear mór airgid ag glanadh an fhothraigh agus deisíodh an balla timpeall ar an mainistir. Chuir sé sraith suíochán cloiche ar fud an láithreáin freisin le haghaidh cuairteoirí.

Ba í an Mhainistir dara lonnaíocht an Oird Chistéirsigh in Éirinn, agus í mar chraobhtheach ag an Mhainistir Mhór i gContae Lú. Bunaíodh an tOrd chun simplíocht shaol na mainistreach a athdhearbhú, tiomantas a léiríodh i ndearadh srianta a gcuid foirgneamh. Sa tréimhse ba ghnóthaí di, ba lonnaíocht mhainistreach thábhachtach a bhí i mBeigthigh, agus na hiarsmaí a fheicimid inniu ag teacht ón 13ú go dtí an 15ú haois den chuid is mó.

Níl le feiceáil den 12ú haois ach cúpla iarsma ó stuara theas na meánlainne, codanna den chroslann theas, an teach caibidle agus roinnt cóiríochtaí tí éagsúla. An ceann is áille ná an clabhstra dea-chaomhnaithe le háirsí gotacha maisithe cúigmhéaracha, agus taca acu ó philéir chlabhstra agus mullaigh cholúin mhine mar chaipín acu, agus iad go léir gearrtha go stuama ó chloch chrua Ard Breacáin. Tá snoiteáin fhíneálta de dhuilliúr agus d’éan cosúil leis an seabhac fós mar a bheadh maisiú ag roinnt de na piléir. Ar cheann amháin tá léiriú fíorghalánta de Bernard de Clairvaux (1090-1153), an file agus naomh a chomhbhunaigh na Teamplóirí, agus leasaitheoir, tríd an Ord Cistéirseach, de chuid na mBeinidicteach.

Ar fud an láithreáin, léiríonn áirsí, fuinneoga agus doirse atá cumhdaithe suas le bloic an chaoi a rabhthas ag cur foirgnimh éagsúla na Mainistreach in oiriúint agus ag cur leo de réir mar a bhíothas ag freastal ar na héilimh nua a tháinig le gach céad. Ceann de na gnéithe is soiléire atá ar iarraidh ar an láithreán is ea séipéal mór na Mainistreach. Nuair a fheictear ailíniú traidisiúnta thoir thiar an fhoirgnimh, níl ach bunanna roinnt d’áirsí an phasáiste thuaidh fós le feiceáil agus tá siad sin tite as a chéile.

In 1900, rinne Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí deisiúcháin mhóra ag an láthair, agus baineadh lear mór eidhneáin a bhí ag déanamh damáiste de.

Thángthas ar scioból mór ón meánaois, a thugann léargas tábhachtach ar shaol na manach agus ar mhodhanna feirmeoireachta faoin tuath in Éirinn, le linn tochailtí a bhí faoi stiúir Geraldine agus Matthew Stout idir 2009 agus 2012.

Úsáideadh Mainistir Bheigthí mar sheit mór scannáin de chuid Hollywood trí huaire. Úsáideadh í den chéad uair in 1955 don scannán ‘Captain Lightfoot’ ina raibh Rock Hudson, an dara huair don scannán clúiteach ‘Braveheart’ ina raibh Mel Gibson, agus den tríú huair in 2020, bhí sí in úsáid ag Ridley Scott dá scannán ‘The Last Duel’, ina raibh na haisteoirí Matt Damon, Adam Driver, Jodie Comer agus Ben Affleck.

Taobh amuigh den dóchas a bhain le gradam Oscar a bhaint as, tá cartlannú déanta ar roinnt scéalta digitithe ar shuíomh gréasáin an Bhailiúcháin Náisiúnta Béaloidis ar www.duchas.ie faoi chónra easpaig a bhí déanta as ór glan agus a cuireadh sa Mhainistir.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus Monastic Ireland le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Bheigthí

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol