Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Chistéirseach Mainistir an Aonaigh

Léiriú ar chráifeacht agus ar mharthanas

Unguided sites

An Mhainistir Theas
Contae Luimnigh

Mainistir Chistéirseach Mainistir an Aonaigh

Léiriú ar chráifeacht agus ar mharthanas

Unguided sites

An Mhainistir Theas
Contae Luimnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir an Aonaigh

*Tabhair faoi deara: uaireanta bíonn beostoc sa pháirc atá mórthimpeall an tséadchomhartha seo*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Chistéirseach Mainistir an Aonaigh

Tá Mainistir an Aonaigh suite i gContae Luimnigh. Tá an dúrud oidhreachta ag baint léi síos trí na blianta. Bhunaigh Toirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain an mhainistir mheánaoiseach seo sa bhliain 1148. Léiriú ar chumas ailtireachta agus ar chráifeacht na gCistéirseach is ea í. Cuireann an t-ainm (Mainistir an Aonaigh) a tábhacht stairiúil agus a nasc le muintir Uí Bhriain in iúl. Ghlac siadsan an mhainistir faoina gcoimirce i ndiaidh a bunaithe.

Tá teacht aniar agus coimhlint le sonrú i mballóga maorga na mainistreach. Seans maith go ndearna Domnall Mór Ua Briain maoirseacht ar chur i gcrích na bhfoirgneamh go mall sa 12ú céad. Ar na foirgnimh sin bhí seomra téite agus ceathrúna do bhráithre tuata. Ar an drochuair, tharla tubaiste in 1580 nuair a thóg saighdiúirí Sasanacha an mhainistir le linn an Dara hÉirí Amach i nDeasumhain. Ba bheag nár scriosadh an clabhstra agus an proinnteach agus bhí drochdheireadh le pobal na mainistreach.

Is meabhrú tochtmhar ar ghréasán spioradálta stairiúil na hÉireann í Mainistir an Aonaigh sa lá atá inniu ann. Thit an sanctóir boghtaí bairille chun talún in 1874. Mar sin féin, dúisíonn iarsmaí an tséipéil, an teach caibidle luath-Ghotach agus na fuinneoga caola uamhan agus urraim i rith an ama. De réir mar a théann an ghrian faoi thar a clocha síonchaite, is léiriú ar na céadta blianta den chráifeacht, den imreas agus den mharthanas í an mhainistir go fóill.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir an Aonaigh

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol