Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Ráth Bhrannaibh atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Dhoiminiceach Ráth Bhrannaibh
Níltear cinnte go fóill cé a bhunaigh Mainistir Ráth Bhrannaibh. Bunaíodh sa bhliain 1274 í faoi choinne na mBráithre Doiminiceacha agus is don Chros Naofa atá sí tiomnaithe. Tá sé ráite ag staraithe gur bhunaigh an Ridire Richard de Exeter nó an Ridire Liam de Búrca an mhainistir, ach ní fios cén duine acu fós.
Tá Mainistir Ráth Bhrannaibh ag coimhéad amach ar an Abhainn Mhór. Áit straitéiseach i gcomhair iompair agus trádála ba ea í dá thairbhe. Níl díon ar an eaglais a thuilleadh, ach tá lorg na seanghlóire le sonrú i Ráth Bhrannaibh i rith an ama: painéal de chéasadh Chríost os cionn an dorais thiar; iarsmaí d’fhuinneog chaol thriarach; agus dúshraitheanna an dá chlabhstra a bhíodh ann ar an taobh ó thuaidh den eaglais.
Tá an mhainistir faoi néal drochstaire. Ba sa mhainistir a maraíodh Edmond MacWilliam de Burgo sa bhliain 1513 (ba iad a nianna a rinne an feall). Lena chois sin, dhóigh arm an Ridire Richard Bingham, Gobharnóir Chonnacht, an mhainistir sa bhliain 1590.
Is ann do scéal, a d’fhéadfadh a bheith fíor nó bréagach, faoi Mhainistir Ráth Bhrannaibh — go bhfuil taisce i bhfolach áit éigin sna tailte. De réir an scéil, chuaigh an Coirnéal Knox as an gCaisleán Riabhach chun suirbhéireacht a dhéanamh ar chúrsóir Briotanach a tháinig i dtír ar chósta Bhéal Deirg. Bhí slám mór óir air.
Bhí marthanóirí ann agus d’éiligh Knox go dtarraingeoidís an bád tarrthála, agus an bosca óir ar bord, feadh an chósta go dtí a bhaile sa Chaisleán Riabhach.
D’éirigh sé dorcha agus bhí sé ní ba dheacra a mbealach a dhéanamh thart dá bharr. Shroicheadar an Abhainn Mhór, in aice le Mainistir Ráth Bhrannaibh, faoin am sin. In áit coinneáil orthu san uisce, lean na marthanóirí Knox an chuid eile den bhealach ar cois i gcomhair foscaidh agus bia. Leis sin a dhéanamh, áfach, b’éigean dóibh an bád tarrthála, agus an t-ór, a fhágáil ina ndiaidh. D’fhág Knox faoi chúram ceathrar fear é. Agus an oíche ag éirí ní ba mheasa agus an fhearthainn ag teacht anuas, thug na fir aghaidh ar an mbaile. Chuireadar an t-ór ar an suíomh lena choinneáil slán.
Nuair a d’fhill Knox an mhaidin dár gcionn, ní raibh aon rian den ór.
Agus an duine deireanach den cheathrar sin ar leaba a bháis na blianta ina dhiaidh sin, d’inis sé dá theaghlach cá háit a raibh an t-ór — “ceithre iomaire dhéag ó chúinne amháin den mhainistir”.
Tá níos mó ná cúinne amháin sa mhainistir, áfach…
Níor thángthas ar an mbosca óir sin riamh.”
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Láithreán Neoiliteach agus Ionad Cuairteoirí Achaidh Chéide
An séadchomhartha Clochaoise is fairsing ar domhan
Timpeall 15.8 km ón Mainistir Dhoiminiceach Ráth Bhrannaibh
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn suite i dtírdhreach drámatúil neoiliteach
Timpeall 47.1 km ón Mainistir Dhoiminiceach Ráth Bhrannaibh
Mainistir Shligigh
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Timpeall 50.4 km ón Mainistir Dhoiminiceach Ráth Bhrannaibh
Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
Timpeall 59.2 km ón Mainistir Dhoiminiceach Ráth Bhrannaibh
Mainistir Na Búille
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
Timpeall 68.4 km ón Mainistir Dhoiminiceach Ráth Bhrannaibh
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Ceann de chliabháin an Éirí Amach
Timpeall 80.5 km ón Mainistir Dhoiminiceach Ráth Bhrannaibh