Mainistir Phroinsiasach Chill Chré
Mainistir inar scríobhadh lámhscríbhinn atá neamhchoitianta anois
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Chill Chré atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Phroinsiasach Chill Chré
Bhunaigh séú Tiarna Mhúscraí, Cormac Láidir Mac Cárthaig, Mainistir Chill Chré in 1465, le haghaidh na bProinsiasach Observantach. Bunaíodh é ar láthair láithreáin Chríostaí níos túisce a bhunaigh an Bhan-ab Naomh Créidh, a chreidtear atá curtha sa chórlann. Tar éis dá dheartháir Eoghan agus dá nianna Cormac a dhúnmharú in 1495, adhlacadh Cormac i saingeal na mainistreach, agus tá plaic nua-aimseartha á chomóradh.
Tar éis dhíscaoileadh na mainistreacha, bhí Mainistir Chill Chré fós ina mainistir, fiú tar éis foghail agus slad a rinneadh uirthi in 1584 agus 1590. Atógadh í, agus an tAth. John Gould mar Uachtarán uirthi in 1621. Faoi lár an 19ú haois bhí Cill Chré fágtha ag na bráithre. Níl i bhformhór den mhainistir anois ach adhlacthaí agus cuid de na leaca uaighe is luaithe ó 1625 agus 1626.
Tá cruth cearnógach ar an mainistir ina plean le meánlann agus saingeal, agus túr trasbhealaigh, rud a bhí coitianta i mainistreacha na n-ord déirce in Éirinn. Tá stuaraí sa mheánlann agus sa chroslann theas. Ar an taobh ó thuaidh den séipéal tá an clabhstra, an proinnteach, agus an suanlios. Nuair a cuireadh an sacraistí isteach níos déanaí, in aice leis an saingeal, bhíothas in ann urláir uachtair a thógáil ar a dtugtar an teach screaptra. Is sa teach screaptra sin a scríobhadh an lámhscríbhinn ón 15ú haois ar a dtugtar Lámhscríbhinn Rennes. Tá 125 fóilió i Lámhscríbhinn Rennes le hábhar éagsúil, téacsanna reiligiúnacha ina measc, agus meastar gur sampla an-tábhachtach í de luathlitríocht na hÉireann ina ndírítear ar an Dindsenchas (seanchas áiteanna).
Tá tuama Airt Uí Laoghaire atá níos cáiliúla fós sa mheánlann. Maraíodh Ó Laoghaire, captaen Caitliceach Éireannach i Reisimint Hussar na hUngáire, nuair a bhí sé 27 bliain d’aois, in 1773. D’fhógair na breithiúna gur eisreachtaí a bhí in Art mar gheall nár dhíol sé a chapall leis an mbreitheamh Protastúnach Abraham Morris ar £5. Sonraíodh sna Péindlíthe nach bhféadfadh aon Chaitliceach diúltú a gcapall a dhíol le Protastúnach. D’fhéadfaí Art, a bhí ina eisreachtaí anois, a lámhach go dlíthiúil ar an láthair, agus sin mar a tharla nuair a maraíodh é an 4 Bealtaine 1773. Scríobh banchéile Airt, Eibhlín Dubh Ní Chonaill, aintín Dhónaill Uí Chonaill, an dán cáiliúil Caoineadh Airt Uí Laoghaire agus an fheartlaoi ar thuama Uí Laoghaire.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus Monastic Ireland le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Cill Chré
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile
Timpeall 21.7 km ón Mainistir Phroinsiasach Chill Chré
Daingean Míleata Rinn Chorráin
Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain
Timpeall 23.7 km ón Mainistir Phroinsiasach Chill Chré
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 27.9 km ón Mainistir Phroinsiasach Chill Chré
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 31.3 km ón Mainistir Phroinsiasach Chill Chré
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 40.0 km ón Mainistir Phroinsiasach Chill Chré
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 40.6 km ón Mainistir Phroinsiasach Chill Chré