Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Phroinsiasach Chill na Mallach

Mainistir Phroinsiasach faoi néal drochstaire

Unguided sites

Cill na Mallach, Mala, Contae Chorcaí

Mainistir Phroinsiasach Chill na Mallach

Mainistir Phroinsiasach faoi néal drochstaire

Unguided sites

Cill na Mallach, Mala, Contae Chorcaí

Áiseanna

  • Carrchlós

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Phroinsiasach Chill na Mallach

*Féadtar dul isteach nuair a bhíonn an séipéal ar oscailt

*Tá páirceáil sráide ar fáil

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Phroinsiasach Chill na Mallach

Bhunaigh Dáibhí de Barra I Mainistir Chill na Manach do na Proinsiasaigh sa bhliain 1251. Ait go leor, tá sí suite go lárnach taobh istigh de bhallaí buirge meánaoise. Do Naomh Thomas à Becket a bhí an Mhainistir tiomnaithe. Ard-Easpag Canterbury ba ea é nó gur dhúnmharaigh ridirí é sa bhliain 1170, ridirí a raibh baint acu leis an Rí Anraí II.

Tiarnaí cumhachtacha i gCorcaigh ab ea muintir de Barra i ndiaidh choncas na nAngla-Normannach ar Éirinn sa 12ú haois. Leag an Rí Anraí III cúram ar Dháibhí de Barra as baile Chill na Mallach a fhorbairt sna 1230idí.

Ar bhruach na hAbhann Bige atá an Mhainistir. Is é an séipéal an t‑aon chuid den struchtúr bunaidh atá fós ann inniu. Tá roinnt gnéithe neamhghnácha i Mainistir Chill na Mallach, ina measc linn ionnalta dhá stua taobh istigh den chórlann agus uaimh faoin gcórlann. Deirtear gur cuireadh san uaigh sin taisí daonna na ndaoine a cailleadh i gcath Chnoc na nOs in 1647 le linn Chogaí na Comhdhála in Éirinn.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus Monastic Ireland le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Chill na Mallach

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol