Mainistir Phroinsiasach Chuinche
Mainistir Phroinsiasach a tógadh taobh istigh de bhallóga caisleáin
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Chuinche atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Bíonn Mainistir Quin Proinsiasach ar oscailt gach lá 09:30 – 17:00*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Phroinsiasach Chuinche
Tá stair chorrach chasta ag Mainistir Chuinche. Chonacthas a lán athruithe sa mhainistir ó na 1200idí.
Dódh an chéad séipéal a bhí ar an suíomh sa bhliain 1278. Thóg an Tiarna Angla-Normannach, Tomás de Cléir, caisleán ar na tailte sin trí bliana ina dhiaidh sin in 1281. Bhí sé ag iarraidh go gcuirfí lena stádas i ríocht Thuamhan fad is a bhí Clann Uí Bhriain gafa le cúrsaí eile. Cuireadh srian le dul chun cinn de Cléir in 1318 le linn chath Dhíseart Uí Dheá, agus fuair muintir Uí Bhriain smacht ar Thuamhan arís.
Loit muintir Mhic Conmara caisleán de Cléir agus cuireadh an mhainistir ar bun sa bhliain 1350. Thóg Síoda Cam Mac Conmara codanna áirithe, fearacht na gclabhstraí, in 1402 agus thóg Maccon Mac Conmara codanna eile in 1430, macasamhail an chloigthí agus Shéipéal na Maighdine. Chuir Síoda an mhainistir ar bun lena húsáid mar áit adhlactha teaghlaigh agus lig Maccon do na bráithre Proinsiasacha bogadh isteach sa mhainistir in 1433.
Chuir díscaoileadh na mainistreacha in 1541 isteach ar an mainistir. Tháinig muintir Uí Bhriain ina seilbh sa bhliain 1547, ach thug siad cead do na bráithre cónaí inti i rith an ama. Chuaigh an mhainistir chun raice faoin mbliain 1548, ámh.
Thit beart thar a bheith déistineach amach sa mhainistir in 1584 nuair a d’ordaigh an Fear Ionaid, Sir John Perrot, go gcrochfaí Donnchadh Beag Ó Briain de spuaic Mhainistir Chuinche. Bhain Donnchadh, Iarla Thuamhan, díoltas amach ach í a dhó; bhí leas á bhaint aisti mar bheairic Shasanach san am.
Chuir na bráithre caoi ar an mainistir sa bhliain 1604 ach thruailligh fórsaí Chromail í in 1651. Bhí na Proinsiasaigh ar ais inti faoin mbliain 1667, ach tuairiscíodh go raibh sí bánaithe arís in 1681. Bhí na bráithre inti arís sa bhliain 1691.
Fuair an bráthair deireanach bás sa bhliain 1820. Trí scór blianta ina dhiaidh sin, tháinig an mhainistir faoi chúram Bhord na nOibreacha (Oifig na nOibreacha Poiblí sa lá atá inniu ann) mar Shéadchomhartha Náisiúnta.
Tá le feiceáil fós iarsmaí chaisleán de Chléir agus codanna de na túir sna cúinní, óir gur tógadh an caisleán taobh istigh de bhallóga an chaisleáin. Tá na clabhstraí, a bhaineann leis na 1400idí, ar chuid de na míreanna ailtireachta Proinsiasaí is fearr caomhnú in Éirinn.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus Monastic Ireland le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Phroinsiasach Chuinche
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 8.5 km ón Mainistir Phroinsiasach Chuinche
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 25.4 km ón Mainistir Phroinsiasach Chuinche
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 28.7 km ón Mainistir Phroinsiasach Chuinche
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 40.2 km ón Mainistir Phroinsiasach Chuinche
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 43.1 km ón Mainistir Phroinsiasach Chuinche
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 49.8 km ón Mainistir Phroinsiasach Chuinche