Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige
Mainistir stairiúil atá suite in áit álainn ar bhruach an Airgidín
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Thigh Molaige atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint uirthi ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Inti*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige
Tá ballóga Mhainistir Thigh Molaige suite i sráidbhaile Thigh Molaige ar bhruach an Airgidín. Bunaíodh an Mhainistir Phroinsiasach roimh 1316, ach tógadh í ar lonnaíocht mhanachúil ní ba luaithe a bhunaigh Naomh Molaga. Tá bunús na mainistreach luaite le Liam de Barra agus a bhean chéile Máille de Cúrsa, beirt atá curtha sa mhainistir. Ba í an mhainistir áit adhlactha mhuintir Mhic Chárthaigh Riabhaigh sa mheánaois. Bhí Leabhar Leasa Móire i seilbh na mbráithre sa bhliain 1629.
Mainistir mhór is ea í. Tógadh í de réir na stíle Luath-Ghotaí Sasanaí. I measc na ngnéithe a bhaineann léi tá leagan amach clabhstrach, raonta tí, pasáistí balla, córlann, sacraistí, cruinnbhealach, siléir sa raon thoir agus áit adhlactha. Chuir an tEaspag Seán de Cúrsa clogás léi i ndiaidh 1510 agus bhí otharlann agus leabharlann ann. Cuireadh de Cúrsa i gcroslann an tséipéil.
I ndiaidh dhíscaoileadh na mainistreacha ag Anraí VIII, d’fhan na bráithre sa mhainistir go dtí gur bronnadh ar Shéamas de Barra, gaol le muintir de Barra (Cúirt an Bharraigh), sa bhliain 1577 í. Dhóigh fórsaí na corónach an mhainistir sa bhliain 1642 le linn Chogadh Comhdhála na hÉireann. Thruailligh saighdiúirí na Breataine reiligí na mainistreach in 1920. Baineann dhá cailís le Mainistir Thigh Molaige. Ceann amháin is ea Cailís Thigh Molaige (Cailís Mhic Dhaill-de Brún) ar a bhfuil ‘Guigh ar son anamacha Chathail Uí Dhálaigh agus Eilíse de Brún’ inscríofa. Tá sí i nDún Uí Choileáin, Corcaigh, sa lá atá inniu ann. Is í Cailís Phroinsiasach Thigh Molaige an dara ceann. Baineann sí leis an mbliain 1633 agus tá ‘Clochar Bhráithre Mionúra, Tigh Molaige’, inscríofa uirthi. Coimeádann sagart paróiste Tigh Mholaige í agus coimeádfaidh a chomharbaí í amach anseo.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus Monastic Ireland le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Thigh Molaige
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile
Timpeall 17.9 km ón Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige
Daingean Míleata Rinn Chorráin
Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain
Timpeall 19.2 km ón Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 42.0 km ón Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 45.3 km ón Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige
Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Timpeall 54.7 km ón Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 64.9 km ón Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige