Skip to content

Oidhreacht Éireann

Na Spéaclaí, Loch Goir

Séadchomhartha umhal ina dtugtar léargas ar an saol san am atá thart

Unguided sites

Loch Goir
Contae Luimnigh

Na Spéaclaí, Loch Goir

Séadchomhartha umhal ina dtugtar léargas ar an saol san am atá thart

Unguided sites

Loch Goir
Contae Luimnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea na Spéaclaí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Na Spéaclaí, Loch Goir

Faightear blaiseadh den seansaol sna Spéaclaí. Tá na Spéaclaí suite i ndeas do Loch Goir i gContae Luimnigh. Tugann an t-áitiú meánaoiseach seo, atá suite ar ardán nádúrtha os cionn an locha chiúin, léargas ar a chuid rún trí dhúshraitheanna agus páirceanna ársa.

Luadh an t-ainm leis an áit seo i dtús báire mar gur léiríodh dhá struchtúr chiorclacha ar léarscáileanna suirbhéireachta ordanáis. De bharr iniúchadh breise, áfach, nochtadh trí bhothán, foscadh ainmnithe agus iarsmaí de thithe ón gClochaois — tugtar “na Spéaclaí” ar na himlínte siúd sa lá atá inniu ann. Nascann na hiarsmaí umhla seo leis an am atá thart muid; druideann siad an bhearna idir saol na meánaoise agus a bhfuil le feiceáil trasna an uisce sa lá atá inniu ann.

Le siosarnach na gaoithe san fhéar, samhlaímid an cineál saoil a bhí anseo fadó — na teallaigh ar lasadh, an gáire ag macallú, agus scéalta á gcothú san ithir de bharr an tsaothair. Cé nach bhfuil na Spéaclaí rómhaorga, tá turas siar sa stair le fáil iontu agus spreagann siad muid chun machnamh a dhéanamh ar na glúnta a chuir fúthu anseo.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Loch Goir

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol