Skip to content

Oidhreacht Éireann

Prióireacht Agaistíneach an Bhaile Bhig

Lonnaíocht mhainistreach rachmasach sa Bhaile Beag Thiar uair amháin

Unguided sites

An Baile Beag Thiar
Contae Chorcaí

Prióireacht Agaistíneach an Bhaile Bhig

Lonnaíocht mhainistreach rachmasach sa Bhaile Beag Thiar uair amháin

Unguided sites

An Baile Beag Thiar
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Prióireacht an Bhaile Bhig

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Prióireacht Agaistíneach an Bhaile Bhig

Tá Prióireacht, colmlann agus túr an Bhaile Bhig níos lú ná 2 km ó dheas de Chill na Mallach. Prióireacht Agaistíneach í an phrióireacht a bhunaigh Philip de Barry in 1229. Ba dhuine muinteartha é le muintir Barra as Caisleán Chúirt an Bharraigh, agus bhí sí tiomnaithe do Naomh Thomas Becket. Tá sí ar cheann de dhá mhainistir Agaistíneacha mhóra i gCorcaigh agus níl ann ach an dá cheann. Bronnadh os cionn dhá mhíle acra ar an mBaile Beag ar dtús agus mhéadaigh an líon sin in imeacht na mblianta.

Ba lonnaíocht mhainistreach an-saibhir a bhí i mainistir an Bhaile Bhig a díscaoileadh in 1541 tráth ar díscaoileadh na mainistreacha, faoi Anraí VIII. Bhí an phrióireacht tite ina fothracha faoi 1750, agus úsáideadh formhór den chloch in áiteanna eile san áit. Níl le feiceáil againn inniu ach fothracha na prióireachta, a séipéil, agus raonta na mainistreach. Tá iarsmaí suíocháin agus trí chiste adhlactha a tógadh le cloch le feiceáil. Ag deireadh thréimhse na meánaoise tógadh trí thúr agus colmlann chiorclach ar an bprióireacht.

I measc na míreanna ailtireachta tá fuinneog ón 13ú haois laistigh den phrióireacht, ar a raibh seafta bandáilte de mhullach colúin le duilliúr trí aghaidh bheaga dhaonna, dhá cheann ainmhí shnoite lena mbéal oscailte (a d’fheidhmigh mar phoill rópaí), agus ceann daonna snoite ar phiaraí, rud a bhí coitianta i luath-ailtireacht Ghotach Shasana.

Tá an cholmlann caomhnaithe go breá agus tá boscaí neadaireachta bíseacha istigh ann, 352 acu le bheith cruinn faoi. Ar ndóigh is fada an lá dearmadta an saibhreas mór a chaithfeadh a bheith sa Bhaile Beag le go mbeadh colmlann ann. Faoi dhlí na meánaoise, má bhí fiú nead colmáin amháin ag an úinéir, chiallaigh sé go raibh 1¼ acra aige.

Ba é an chúis ar theastaigh an oiread sin colmán ó dhaoine ná an fuíollábhar a chruthaigh siad. D’úsáideadh na manaigh é sin mar leasachán agus measadh go raibh luach eacnamaíoch níos airde aige ná an fuíoll a d’fhág aon ainmhí eile ina dhiaidh.

Téitear isteach i dtúr an Bhaile Bhig, ó thuaidh den phrióireacht Agaistínigh, trí áirse trí lár. Faigheann an seomra talún solas ó fhuinneog scoilte sa bhalla thuaidh, agus tá fuinneoga scoilte le spréacha dé-spréite sna trí bhalla atá fágtha. Is boghta caolaigh atá sa tsíleáil, agus a leath tite anuas. Tá rian d’fhánán clóiséad le feiceáil ar an gcéad urlár. Baineann dáta an túir le tréimhse na meánaoise agus creidtear gur chuid den chosaint le haghaidh an láithreáin a bhí ann.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Phrióireacht an Bhaile Bhig

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol