Prióireacht Agaistíneach Eoin – an Baile Nua
Lonnaíocht mhanachúil a bhíodh an-daingean tráth
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Prióireacht Eoin atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Prióireacht Agaistíneach Eoin – an Baile Nua
Tá Prióireacht Eoin Baiste lonnaithe ar imeall thoir Bhaile Átha Troim, ar bhruach theas na Bóinne, trasna ó dhroichead ársa Pheadair. Bhunaigh Simon Rochfort, Easpag na Mí, in c.1202 í, le haghaidh Fratres Cruciferi, a dtugtaí Bráithre na gCroisíní, Bráithre na gCros agus na Bráithre Cromtha orthu freisin. Ainmníodh bráithre Agaistíneacha an oird seo, a raibh saineolas ar aire a thabhairt do dhaoine breoite acu agus a bhí tiomanta do shlánú na bpríosúnach Críostaí, i ndiaidh na maidí adhmaid a d’úsáid siad, a mbíodh cros chéasta ar a mbarr. Tháinig siad go hÉirinn roinnt blianta roimh 1176. Bhí Ospidéal Eoin Gan an Geata Nua i mBaile Átha Cliath ina sheilbh acu. Meastar go bhfuil an t-ospidéal sin bunaithe ar Ospidéal Eoin in Iarúsailéim.
Tá ceann de na tagairtí taifeadta is luaithe don phrióireacht san almsóireacht in 1281 ón mainéar “Magathtreth”. I bhFoclóir Topagrafach na hÉireann 1810 (Topographical Dictionary of Ireland), scríobh Nicholas Carlisle: “Deirtear linn gur foirgneamh thar a bheith galánta a bhí anseo, agus gur dócha go reáchtáiltí Parlaimintí Bhaile Átha Troim sa halla mór sa teach seo. Tá na ballaí fós ar marthain”. Forbraíodh an suíomh i gcaitheamh tréimhse os cionn 300 bliain ina eagras an-daingean agus cosanta.
I ndiaidh dhíscaoileadh na mainistreach ag Anraí VIII, Rí Shasana, ar an 16 Iúil 1539, thug Laurence White, an Prióir deireanach, suas an Phrióireacht agus gach ar bhain leis. De réir fhardal ar an suíomh, bhí séipéal, dhá thúr, halla, stóras, cistin, grúdlann, dhá ghráinseach, teach colúr, agus iothlainn, nó clós stáca ann, chun grán agus tuí a stóráil.
Bronnadh ar Robert Dillon é, agus ina dhiaidh sin tugadh ar sheilbh mhuintir Ashe é. Le linn Chath na Bóinne in 1690, bronnadh ar dhuine d’oifigigh Rí Liam. De réir an tseanchais, níor ghlac sé seilbh air riamh, toisc, ar a chéad oíche ann, bhuail fís ghránna é agus d’airigh sé ualach iomlán na prióireachta ar a chliabhrach. Le breacadh an lae an chéad lá eile, bhailigh sé leis ar a chapall, agus níor fhill sé riamh.
In 1849, ina ’The Beauties of the Boyne and Its Tributary the Blackwater’, rinne an Ridire William Wilde cur síos ar iarsmaí an tsuímh ag an am: “Cúpla céad slad chun tosaigh, lastall den seandroichead, ar an taobh theas den abhainn, tá iarsmaí a bhfuil cuma chaisleáin orthu, is é sin: daingean cearnógach mór, buailte ar an droichead, túir chearnógacha ar dhá cheann dá choirnéil; agus in íochtar na habhann, sraith foirgneamh á nascadh leis an gcuid eile, tá an dara túr, atá níos lú. Seachas sin, tá iarsmaí an tseanséipéil laistigh de bhallaí an chlóis mhóir seo. Tá fuinneog thriarach álainn ann, agus túirín mór ciorclach taobh leis an mbóthar, chun an geata a rialú is dócha. Caithfidh sé gur post tábhachtach a bhí ann, toisc gur i gceannas ar cheann de na bealaí isteach chuig Baile Átha Troim a bhí sé.” Dúirt sé freisin: “Bhí Ospidéal nó Prióireacht Eoin Baiste ansin, agus cuireadh roinnt iarsmaí a bhí fós ann laistigh den chlós trí chéile in airde sa 13ú haois le haghaidh na mbráithre d’ord Iompróirí na gCros, nó na mBráithre Cromtha”.
Sa lá atá inniu ann, i measc iarsmaí sofheicthe na lonnaíochta eaglasta a bhí cosanta go cumhachtach tráth, tá: an daingean slán trí stóir, lena scoilteanna saighead éagsúla, an dá pholl lámhaigh ar an aghaidh thoir, agus an dá thúr breathnóireachta chearnógacha, chomh maith le roinnt iarsmaí den túr thoir. Níl fágtha ó chorp an tséipéil ach cnámha na meánlainne agus an tsaingil, atá 35.66 méadar (117 troigh) ar fad agus 7.3 méadar (24 troigh) ar leithead. Is í an fhuinneog ghéar mhór trí léas, mar a rinne Wilde cur síos uirthi, an ghné is suntasaí den bhalla binne thoir.
Le linn tochailt seandálaíochta in 1984, thángthas ar iarsmaí scáthláin croise agus dorais ón 15ú haois i mbinn na meánlainne, chomh maith le seomra beag boghtach, taobh istigh d’fhoirgneamh arbh é an príomhospidéal é, is dócha. Thángthas ar fhánán freisin, chun fuíollábhar a scaoileadh isteach san abhainn.
Sa chúinne thiar theas den suíomh, tá túirín ciorclach cois an bhóthair, a bhíodh nasctha leis an bpríomhdhaingean le balla cosanta tráth, nach bhfuil dé ná deatach air os cionn na talún anois. Tá cuid íochtarach fós le feiceáil, a théann soir ón túirín, a bhíodh mar chuid de theorainn theas an chlóis.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Phrióireacht Eoin
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Bhaile Átha Troim
An siombal is mó le rá de chaithréim na Normannach
Timpeall 1.2 km ón Prióireacht Agaistíneach Eoin – an Baile Nua
Teamhair
Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe
Timpeall 10.8 km ón Prióireacht Agaistíneach Eoin – an Baile Nua
Caisleán Mhaigh Nuad
Spléachadh ar shaol i ndaingean Normannach
Timpeall 22.9 km ón Prióireacht Agaistíneach Eoin – an Baile Nua
Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne: Sí an Bhrú, Cnóbha agus Dubhadh
Tabhair cuairt ar an tírdhreach seandálaíochta is saibhre in Éirinn
Timpeall 26.1 km ón Prióireacht Agaistíneach Eoin – an Baile Nua
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
An chéad teach mór Pallaidiach in Éirinn agus an ceann is breátha
Timpeall 28.1 km ón Prióireacht Agaistíneach Eoin – an Baile Nua
Láithreán Mainistreach Chistéirseach na Seanmhainistreach Móire
Tabhair cuairt ar an gcéad áit a bhunaigh na Cistéirsigh in Éirinn
Timpeall 28.8 km ón Prióireacht Agaistíneach Eoin – an Baile Nua