Skip to content

Oidhreacht Éireann

Séipéal agus Cloigtheach Dhroim Chliabh

Séipéal a bhféadfadh sé gur bhuail tintreach é

Unguided sites

Droim Chliabh
Contae an Chláir

Séipéal agus Cloigtheach Dhroim Chliabh

Séipéal a bhféadfadh sé gur bhuail tintreach é

Unguided sites

Droim Chliabh
Contae an Chláir

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Séipéal agus Cloigtheach Dhroim Chliabh

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Séipéal agus Cloigtheach Dhroim Chliabh

Suite dhá mhíle ó thuaidh d’Inis, meastar go bhfuil séipéal Dhroim Chliabh agus an cloigtheach in aice leis ar cheann de na séipéil mhisin ba luaithe sa Chlár, ag dul siar go dtí c.600 A.D. Ba láithreán lonnaíochta mainistreach é Droim Chliabh ó luath-thréimhse na Críostaíochta, go dtí go ndearnadh séipéal Protastúnach de le linn an Reifirméisin. Inniu, tá príomh-reilig bhaile Inse i nDroim Chliabh, láthair ina bhfuil an sean-reilig suite gar don séipéal agus don chloigtheach ar fothracha iad anois. Is beag atá ar eolas faoi stair na mainistreach, seans mar gheall ar ruathair a thug na Lochlannaigh uirthi. Is léir é sin ó shuíomh in aice láimhe ar a dtugtar Poll na gClog, áit a ndeirtear gur caitheadh cloigíní eaglasta i gcás ionsaí.

Ceaptar go ngabhann bunsraith an tséipéil siar go dtí tús an 6ú haois, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na séipéil bhunaithe is sine sa Chlár. Cé go gceanglaítear Naomh Brecon go ginearálta le bunú na séipéal luath-Chríostaíochta sa Chlár, ceapann a lán daoine go bhféadfadh séipéal Dhroim Chliabh a bheith ceangailte le Naomh Conall. Tar éis an Reifirméisin sa 16ú haois, úsáideadh an séipéal ar feadh tamaillín mar shéipéal Protastúnach, go dtí gur tógadh séipéal nua ag an Mainistir in Inis. Níos déanaí bhí an reilig in aice láimhe ar an bpríomhláthair adhlactha do bhaile Inse, tar éis don reilig ag Mainistir Inse dúnadh ag deireadh an 18ú haois.

Tá roinnt céimeanna difriúla tógála le feiceáil i struchtúr reatha an tséipéil, atá 58 troigh ar fad agus 21 troigh ar leithead, agus athchóirithe éagsúla a rinneadh thar na blianta ba chúis leis sin. Cé go ngabhann formhór an struchtúir siar go dtí an 15ú haois, tá gnéithe den séipéal bunaidh roimh aimsir na Normannach fós ann, chomh maith le fuinneog chruinn ó c.1200 a úsáideadh in atógáil a rinneadh sa 15ú haois. Tá fuinneog ghotach dhéanach sa bhinn thoir freisin. Bhí an séipéal mar phríomhshéipéal an pharóiste go dtí aimsir na bpéindlíthe, tráth ar úsáideadh é ar feadh tamaillín mar shéipéal Protastúnach, agus creidtear gur tréigeadh é uair éigin roimh 1734. Tá cloigtheach Dhroim Chliabh, ar a dtugtar Clogas Droma Cleibh, suite 31 troigh ón séipéal, agus creidtear go ngabhann sé siar go dtí an 10ú haois. Bhí an struchtúr i gcaoi mhaith in 1808, ach ar ndóigh tá meath tagtha air ó shin, agus ceaptar go mb’fhéidir gur bhuail tintreach é. Dá bharr sin, níl an doras ann níos mó, a bhí suite os cionn leibhéal na talún. Creidtear gur úsáideadh an cloigtheach, cosúil leis an gceann seo, mar áit faire, mar áiteanna chun earraí luachmhara a choinneáil slán iontu, agus mar chlogáis. Tá roinnt tuamaí adhlactha sa reilig in aice láimhe agus ba le teaghlaigh mór le rá ón gceantar iad sin. Creidtear freisin gur baineadh clocha ó aghaidh thiar theas an tséipéil agus gur úsáideadh iad mar mharcanna uaighe. Tá ceapadh gorta sa reilig freisin, a meastar go bhfuil 2000 duine curtha ann, agus uaigh chalair gar freisin. Tá uaigh bochtán, ó na 1880idí, ag an láithreán freisin, agus bhí sí in úsáid go dtí na 1950idí. In 2010, tógadh séadchomhartha sa reilig chun comóradh a dhéanamh ar an ‘lear mór daoine a bhí faoi mhíbhuntáiste’ a cuireadh sna ceapacha sin.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Shéipéal agus Cloigtheach Dhroim Chliabh

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

 

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol