Skip to content

Oidhreacht Éireann

Séipéal Chillín Pháirc na mBó

Séipéal beag is dócha a thóg triúr deirfiúracha

Unguided sites

Páirc na mBó
Contae Luimnigh

Séipéal Chillín Pháirc na mBó

Séipéal beag is dócha a thóg triúr deirfiúracha

Unguided sites

Páirc na mBó
Contae Luimnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Séipéal Chillín Pháirc na mBó

*Tabhair do d’aire go bhfuil an séadchomhartha seo suite i bpáirc feirmeoireachta*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Séipéal Chillín Pháirc na mBó

Tá Séipéal Chillín Pháirc na mBó suite díreach 5km ó bhaile Eas Géitine agus a chaisleán agus a mhainistir mheánaoiseach. De réir bhéaloideas na háite, bhí an séipéal ar cheann de thrí shéipéal a thóg triúr deirfiúracha (is iad na cinn eile ná séipéil na Ceapaí agus Bheithí in aice láimhe). Mar sin féin, ní fios ainm aon tógálaí ná naoimh bunaidh.

Tagann ainm Béarla an tséipéil, ‘Killeen’, ón nGaeilge ‘cillín’, agus is é an bhrí atá leis sin ná ‘eaglais bheag’ go simplí. Tá an séipéal tógtha as aolchloch áitiúil agus téann sé chomh fada siar leis an 15ú haois. Is cosúil gur cuireadh “bunús batair” atá thart ar an imlíne sheachtrach leis tar éis na tógála bunaidh. Tá doras isteach gotach agus trí fhuinneog chúnga maisithe le pointe címe / ‘cuar dúbailte’ ag an mbarr. Tá cloigtheach ornáideach ar an taobh amuigh den bhinn thiar. Bhí díon adhmaid ar an séipéal ar dtús, agus tá na coirbéil chloiche a thacaigh leis sin fós le feiceáil taobh istigh den séipéal. Bhí Séipéal Chillín Pháirc na mBó in úsáid mar áit adhartha rialta go dtí 1811.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Shéipéal Chillín Pháirc na mBó

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol