Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Séipéal Thulach Léis
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Séipéal Thulach Léis
De réir na n-annála, bhunaigh Naomh Bericheart, manach Angla-Shacsanach, mainistir anseo sa bhliain 644. Is dócha go mbaineann an logainm ‘Tulach Léis’ leis an mballa ciorclach a bhíodh thart ar an mainistir luath. Faoin 15ú haois, bhí an séipéal agus an mhainistir faoi smacht na nAgaistíneach. Luadh an mhainistir i Sionad Ráth Breasail, a bhunaigh teorainneacha deoise na Mumhan. Téann iarsmaí an tséipéil atá ann anois siar go réanna éagsúla. Téann cuid de bhalla thoir an tséipéil siar go dtí an 12ú haois. Téann an mheánlann siar go dtí an 13ú haois, agus téann an saingeal atá ann anois siar go dtí an 15ú haois.
Is iad na leaca croise meánaoiseacha na hiarsmaí is suntasaí agus is iontaí ar an suíomh, seans. Tá leac chroise ón 8ú haois ann, ar a bhfuil an inscríbhinn Laidine “Quicumque hunc titulu legerit orat pro Berechtuine” (An té a léann é seo, guigh ar son Berichirt). Tá cosúlachtaí idir an chros ghreanta agus an ealaín i Leabhar Lindisfarne. Tá stíl Lindisfarne le feiceáil i gCailís Ardach freisin, ar thángthas uirthi 30km taobh thiar thuaidh de Thulach Léis, rud a thugann le fios go raibh nasc ann idir mainistreacha i dtuaisceart Chorcaí agus in iarthar Luimnigh le mainistreacha Sasanacha, ar feadh tréimhse ama i ndiaidh bhás Naomh Berichirt. Tá dhá leac chroise luath-mheánaoise iomlána suite ar bhallaí inmheánacha an tséipéil, in éineacht le píosaí de thrí leac chroise eile agus dhá leac chroise ó dheireadh na meánaoiseanna, a bhfuil íomhá de Naomh Bericheart ar cheann acu.
Tabhair do d’aire: Is cuid luachmhar dár n-oidhreacht chultúrtha iad na leaca croise meánaoiseacha i dTulach Léis, agus rinne Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta iad a chaomhnú le deireanaí. Forbraíodh deasghnáth nua-aimseartha ar an suíomh, inar thosaigh oilithrigh ag baint úsáid as clocha chun comhartha na croise a scríobadh ar na leaca croise meánaoiseacha, rud a rinne damáiste nach bhféadfar a leigheas. Iarrtar ar chuairteoirí ar an suíomh gan é seo a dhéanamh, agus meabhraítear dóibh go ngearrfaí fíneáil suas le €10,000 nó tréimhse phríosúnachta 5 bliana, nó an dá rud, faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 – 2005, ar an té a dhéanann damáiste d’aon ghnó do Shéadchomhartha Náisiúnta.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 17.3 km ón Séipéal Thulach Léis
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 26.5 km ón Séipéal Thulach Léis
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 29.6 km ón Séipéal Thulach Léis
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 31.9 km ón Séipéal Thulach Léis
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 34.1 km ón Séipéal Thulach Léis
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 36.6 km ón Séipéal Thulach Léis