Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Séipéilín Ghallarais atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Tá saorchead isteach ag an bpobal chuig an láithreán trí cheart slí Oifig na nOibreacha Poiblí. Is féidir le cuairteoirí dul isteach ann freisin tríd an Ionad Cuairteoirí atá á reáchtáil go príobháideach agus ina bhfaigheann duine léiriú closamhairc, ina bhfuil caifé, siopa bronntanas, agus leithris ar tháille €5*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Séipéilín Ghallarais
Suite in áit álainn laistigh de thírdhreach séimh Chiarraí, tá Cnoc Bréanainn ar chúl Séipéilín Ghallarais, agus radhairc ar chuan Ard na Caithne chun tosaigh.
Gach seans gurb é an struchtúr seo ar chruth báid lena bhéal faoi ceann ar na chéad iarrachtaí a rinneadh chun séipéil chloiche a thógáil in Éirinn, agus dar le seandálaithe go bhfuil ceangal ag a chruth leis an ómós a bhí do Naomh Breandán an Loingseoir.
Níl a fhios ag staraithe go fóill cathain a tógadh Gallaras. Bhí buillí faoi thuairim ann gur tógadh é sa 8ú haois, ach tá seans níos mó ann gur sa 11ú nó 12ú haois a tógadh é.
Cabhraíonn uillinn stuach an fhoirgnimh chun uisce a choinneáil amuigh, chun sceitheadh a chosc, agus sin é an fáth a bhfuil sé caomhnaithe chomh maith sin go dtí an lá atá inniu ann, agus é ar an aon cheann de na cineálacha séipéal seo a bhfuil a dhíon coirbéalta fós slán. Tá an dá shampla eile fós ar Sceilg Mhichíl.
Seans gur mó aithne ar Ghallaras ó cheann de dhánta Séamus Heaney: “In Gallarus Oratory”, ina ndéanann sé cur síos ar na mothúcháin a bhíonn ag duine nuair a sheasann sé istigh i ndorchadas an tséipéilín:
“You can still feel the community pack (Mothaíonn tú an slua)
This place: it’s like going into a turfstack, (An áit seo: mar a rachfá isteach i gcruach mhóna,
A core of old dark walled up with stone (Croíleacán dorcha, sean faoi chosaint cloch)
A yard thick. (Slat tomhais) When you’re in it alone, (Istigh ann i d’aonar)
You might have dropped, a reduced creature, (Is créatúr beag thú tite)
To the heart of the globe.” (Go dtí ceirtlín an domhain).
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ionad an Bhlascaoid
An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda
Timpeall 8.8 km ón Séipéilín Ghallarais
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 42.5 km ón Séipéilín Ghallarais
Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl
Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige
Timpeall 45.7 km ón Séipéilín Ghallarais
Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 48.2 km ón Séipéilín Ghallarais
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 58.0 km ón Séipéilín Ghallarais
Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach
Timpeall 66.1 km ón Séipéilín Ghallarais