Skip to content

Oidhreacht Éireann

Suíomh Eaglasta Uachtar Aird

Tugtha mar chuid de spré Aoife do Strongbow

Unguided sites

Uachtar Aird
Contae Chill Dara

Suíomh Eaglasta Uachtar Aird

Tugtha mar chuid de spré Aoife do Strongbow

Unguided sites

Uachtar Aird
Contae Chill Dara

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Suíomh Eaglasta Uachtar Aird

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Suíomh Eaglasta Uachtar Aird

Téann an cloigtheach in Uachtar Aird siar go dtí an 8ú haois, agus bhí sé mar chuid de mhainistir a bhunaigh Naomh Bríga sa 6ú haois. Ba ghné shábháilteachta a raibh gá léi an cloigtheach i ngach lonnaíocht mhainistreach a bhí faoi rath airgid, toisc gurbh ann a stóráladh rachmas na lonnaíochta tráth ionsaithe ó na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh. Luaitear sna hAnnála go ndearna Sitric II an Lochlannach slad ar an mainistir agus gur dhó sé í in 995AD. Tugadh go leor den cheantar seo mar spré do Strongbow nuair a phós sé Aoife, iníon Rí Laighean, Diarmuid Mac Murchada.

Inniu, tá an cloigtheach, déanta as aolchloch, díreach faoi bhun 10m ar airde agus tá an doras isteach 2.5m os cionn na talún. Tá trí urlár inaitheanta agus tá fuinneog cheannchruinn amháin ar an gcéad urlár le feiceáil. Téann iarsmaí an tséipéil siar go dtí an 12ú haois, agus ní féidir an bealach isteach a bhíodh air ó thús a aithint. Shoilsigh fuinneog cheannchruinn chúng an mheánlann. Tá iarsmaí túirín do chloig os cionn na binne thiar. Tá tuamaí Arthur Guinness, a mhná céile Elizabeth Reed, a dheirféar agus a dhearthár, Olivia agus Richard, i measc baill eile de mhuintir Guinness, laistigh den séipéal.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Shuíomh Eaglasta Uachtar Aird

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol