Skip to content

Oidhreacht Éireann

Teach/Cillín Naomh Colm Cille

Deirtear más fíor é go raibh Leabhar cáiliúil Cheanannais sa teach seo tráth den saol

Unguided sites

Páirceanna Baile
Contae na Mí

Teach/Cillín Naomh Colm Cille

Deirtear más fíor é go raibh Leabhar cáiliúil Cheanannais sa teach seo tráth den saol

Unguided sites

Páirceanna Baile
Contae na Mí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Teach Naomh Colm Cille atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Teach/Cillín Naomh Colm Cille

Cé nár tógadh an foirgneamh seo le linn ré an naoimh sa 6ú haois, agus gur dóigh gur tógadh é sa 9ú nó sa 10ú haois, deirtear go raibh taisí Naomh Cholm Cille (521-597AD), san fhoirgneamh beag ársa seo tráth den saol. Tugadh taisí an naoimh go Ceanannas ó Í in Albain in 878AD, agus bogadh iad go Séipéal na Scríne i gCo. na Mí níos déanaí, agus go Dún Pádraig sa deireadh. Dar le roinnt údarás gur séipéilín nó séipéal príobháideach a bhí san fhoirgneamh toisc go raibh sé in úsáid ag na manaigh chun Liotúirge na nDeich nUaire a rá, agus d’fhéadfadh sé gur scrín nó áit adhlactha Aba a bhí ann.

Rugadh Colm Cille i gContae Dhún na nGall mar is eol dúinn anois é, agus bhunaigh sé lonnaíocht reiligiúnach i gCeanannas in 550AD, tar éis dá dhuine muinteartha Diarmait mac Cerbaill, Ard-Rí na hÉireann, an carn nó Dún Cheanannais a bhronnadh air. In 563 chuaigh sé ar deoraíocht a bhí leagtha aige air féin ar Oileán Í, amach ó chósta thiar na hAlban, agus bhunaigh sé lonnaíocht eile ansin.

Deirtear más fíor é go raibh Leabhar Cheanannais atá cáiliúil ar fud an domhain i measc an iliomad taisí a bhí á gcoimeád san fhoirgneamh seo, ar tosaíodh á mbailiú ar Í ach a tugadh chun críche de réir dealraimh anseo tar éis do ruathair a rinne Lochlannaigh Lochlainnise iallach a chur ar phobal Naomh Colm Cille dul ar a dteitheadh le linn an 9ú haois ón lonnaíocht ar an oileán agus a n-aghaidh a thabhairt ar Éirinn chun tearmann a fháil.

Tá an cillín nó an teach crochta ar thalamh ard lasmuigh de theorainn shéipéal Naomh Colm Cille atá in aice láimhe, ina bhfuil Cloigtheach breá agus sean-chloigtheach, agus cé go bhfuil sé sean, tá sé galánta agus é nasctha le séipéal de chuid Eaglais na hÉireann ón 19ú haois. In Annála na gCeithre Máistrí luaitear pasáiste faoi thalamh a nascann an cillín leis an séipéal in aice láimhe. San aiste a scríobh an staraí agus an seandálaí Louisa Catherine Beaufort in 1828 luadh gur thángthas ar “pasáiste boghtaí faoi thalamh ó theach Naomh Colm Cille go dtí clós an tséipéil, áit a bhfuil an bealach isteach le stua íseal le feiceáil, líonadh é le cnámha, agus cuireadh balla timpeall air thart ar cúig nó sé troithe ón mbéal.”

Tá an cillín thart ar 6.1 méadar (20 troigh) ar fad agus 4.9 méadar (16 troithe) ar airde suas go dtí lingeán an dín, atá ar an airde chéanna. Cé go bhfuil doras air le dul isteach ann ó roimh 1828 ar an taobh ó dheas ag leibhéal na sráide faoi láthair, meastar gur trí oscailt i mballa thiar an chillín, seacht dtroithe os cionn na talún, a bhíothas in ann dul isteach ann an chéad uair riamh. Ba d’fhoirm luath-Éireannach ar a dtugtar Cioclópach an oscailt sin, ina raibh bolláin aolchloiche a bhí feistithe go teann le chéile gan mhoirtéar. Tá níos mó cré sa spota seo anois ná mar a bhíodh fadó, agus dá bharr sin tá an doras ag leibhéal na talún anois. Léirítear le grianghraf a tógadh in 1919 gur chosúil gur cuireadh aoldath ar an bhfoirgneamh iomlán.

Tá clocha scoilte garbha i mballaí tiubha an chillín agus iad ar chruthanna éagsúla. Faoi dhíon cloiche an-ghéar, tá boghta mór cruinnáirseach sa taobh istigh a bhí roinnte in urlár amháin nó dhá urlár ar dtús, ach nach bhfuil ann níos mó. Idir barr an bhoghta agus an díon taobh amuigh tá spás beag áiléir atá roinnte le dhá bhalla croise isteach i dtrí sheomra bheaga. Nascann doirse ceannchruinn gach ceann ach ní mheastar go bhfuil na trí spás sách mór le cónaí iontu. Sa spás boghtaí thíos faoi tá tinteán beag sa bhalla ó dheas agus tá fuinneoga an-bheag ann freisin, iad spréite isteach, le cinn thriantánacha. Is féidir féachaint i gcónaí ar chóipeanna de léaráidí George Du Noyer ó lár an 19ú haois de na spásanna inmheánacha sin ar shuíomh gréasáin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Rud an-aisteach go deo, ná cloch mhór chothrom, 1.81 méadar (sé troithe) ar fad, ar ar tugadh “Leaba Naomh Colm Cille”, ar leac uaighe a bhí inti seans agus a bhí an-trom, agus a bhí suite sa seomra áiléir ab fhaide soir agus, in ainneoin a meáchain agus a méid, gur goideadh í le linn lár an 20ú haois.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol