Teach na gCeannaithe, Cill Mocheallóg
Teach meánaoiseach atá mar chuid de ghréasán Séadchomharthaí Náisiúnta i gCill Mocheallóg
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Teach na gCeannaithe atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Teach na gCeannaithe, Cill Mocheallóg
Tógadh an teach mór meánaoiseach seo, atá i gcroílár Chill Mocheallóg, in éineacht le 30 teach eile nó mar sin idir 1571 agus 1587 feadh Shráid an tSáirséalaigh, ó dheas ó Chaisleán an Rí. Maidir leis an taobh amuigh, foirgneamh cloiche dhá phíle is ea an teach. Tá cruth dronuilleogach air agus tá trí bhá ar an taobh atá ag amharc ar an tsráid. Bhíodh an tríú hurlár ann a chéaduair faoin díon, ach teach dhá stór is ea é sa lá atá inniu ann.
Tá ceithre bhearna san fhoirgneamh aolchloiche cóirithe ar leibhéal na talún. Tá an bealach isteach bunaidh — idir an dá bhundoras Ghotacha ar a bhfuil áirsí rinneacha — in easnamh, áfach. Meastar gurbh oscailt cheannchearnach, lenar bhain doirse caolacháin adhmaid dhá dhuille, é an bealach isteach bunaidh. Tá adhmad, leac agus colbha aolchloiche seaimféaráilte ag baint leis an bhfuinneog ar urlár na talún. Os cionn na mbearnaí ar urlár na talún agus faoin gcéad urlár ar an taobh amuigh, is ann do leideog bracanna lena ngabhann coirbéil rialta. Tá trí fhuinneog ar an gcéad urlár. Tugtar fuinneoga ceannchothroma orthu cionn is go mbaineann múnlú cochaill le gach ceann acu. Fuinneoga cáisminte adhmaid iad na fuinneoga seo ar an gcéad urlár faoi na cochaill aolchloiche. Cuireadh díon úr ar an áras sa 19ú céad.
Maidir leis an taobh istigh, téann an limistéar/seomra tosaigh isteach sa limistéar atá taobh thiar de gan aon dorchla, agus téann sé sin a fhad le foirgneamh stórála ag an gcúl. Bhítí ábalta an chéad urlár a bhaint amach trí staighre adhmaid ag ceann thuaidh an limistéir tosaigh.
Bhí Cill Mocheallóg an-tábhachtach ag deireadh na meánaoise. Bhí sí ar cheann de na príomhlimistéir uirbeacha in Éirinn. Tá na gnéithe coitianta d’áitribh uirbeacha na meánaoise le sonrú san fhoirgneamh seo, is gnéithe a mbeadh a úinéirí saibhre trádála ag súil leo. Saintréithe d’fhoirgnimh Éireannacha ón 16ú céad is ea na gnéithe ailtireachta atá fós ann. Baineann tábhacht náisiúnta leis an bhfoirgneamh anois toisc nach bhfuil mórán áras dá leithéid fágtha in Éirinn.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Theach na gCeannaithe
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 14.3 km ón Teach na gCeannaithe, Cill Mocheallóg
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 20.3 km ón Teach na gCeannaithe, Cill Mocheallóg
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 23.1 km ón Teach na gCeannaithe, Cill Mocheallóg
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 23.7 km ón Teach na gCeannaithe, Cill Mocheallóg
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 33.7 km ón Teach na gCeannaithe, Cill Mocheallóg
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 35.3 km ón Teach na gCeannaithe, Cill Mocheallóg