Skip to content

Oidhreacht Éireann

Teampall na Cille

Cuid de bhealach oilithrigh ársa atá nasctha le Naomh Bréanainn an Loingseoir

Unguided sites

Cill Maoilchéadair
Contae Chiarraí

Teampall na Cille

Cuid de bhealach oilithrigh ársa atá nasctha le Naomh Bréanainn an Loingseoir

Unguided sites

Cill Maoilchéadair
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Teampall na Cille atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Teampall na Cille

Coimpléacs eaglasta ó luath thréimhse na Críostaíochta agus na Meánaoise é Cill Maoilchéadair atá 5km soir ó Bhaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Leithinis an Daingin, ag féachaint anuas ar Chuan Ard na Caithne. Cumhdaíonn an coimpléacs os cionn 10 n-acra agus tá sé ainmnithe in ómós a bhunaitheora Naomh Maoilchéadar, a bhásaigh in 636 AD, agus ag a bhfuil ceangal aige le Naomh Breandán an Loingseoir. Bhí duine muinteartha le Naomh Maoilchéadar Fiatach Finn ina rí ar Ulaid (oirthear Uladh inniu) agus ina Ardrí ar Éirinn ina dhiaidh sin.

Taispeántar luath-thréimhse na Críostaíochta tríd an gcloch oghaim, clog gréine, cloch aibítre C. 550AD agus leac chroise nach bhfuil ar fáil. Tá an chloch oghaim, c. 600 AD, 1.8m ar airde agus tá dhá inscríbhinn uirthi ag úsáid sraith stríocaí ar líne nó trasna líne. Léann an inscríbhinn mar a leanas: ANM M(AI)LE INBIR MACI BROCANN agus an dara hinscríbhinn mar seo: ANM nó M(A)Q(I). Mar chuid den tionscadal Ogham in 3T rinne an Scoil um Léann Ceilteach, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath staidéar ar an gcloch seo. Tá an clog gréine ar imeall thiar na reilige. Tá an colún 1.2m ar airde le bailchríoch mhín agus ceann leathchiorclach air atá roinnte i gceithre chuid chomhionanna. Bhí slat beag ag gobadh amach i bpoll ag caitheamh scamaill ar na codanna, a thugann imeacht ama le fios.

Tógadh an séipéal Rómhánúil gairid i ndiaidh 1134 AD le linn streachailt cumhachta ríshleachta na dteaghlach a bhí in aghaidh a chéile, na Mac Carthaigh as Deisceart Mhumhan agus na Ó Briain as Tuaisceart Mhumhan. Tá an séipéal seo agus séipéal Chormaic cosúil le chéile sa mhéid go bhfuil gnéithe áirithe i gcoiteann acu i.e. an tiompán ar an doras thiar, stuaraí caocha sa mheánlann, agus móitífeanna ornáideacha coiteanna. Tá meánlann (cuid thábhachtach den séipéal) sa séipéal seo agus saingeal (an chuid den séipéal ina bhfuil an altóir agus an áit a suíonn an sagart agus an cór).

Tá an airde chéanna fós sa mheánlann agus ar na beanna thoir agus thiar taobh istigh tá cuasa le haghaidh taobhán le feiceáil ag tabhairt le fios go bhféadfadh sé go raibh córas tacaíochta inmheánach ann. Tá na ballaí tógtha le gaineamhchloch chóirithe le banda de chloch bhuí le feiceáil ar an mbinn thiar agus é seolta ar ais ar gach taobh den mheánlann. Ar leibhéal na sceimhleacha, gobann cinn mhíolchruthacha shnoite amach agus coirnis sheaimféaráilte mar a bheadh coróin acu, seolta ar ais ar na ballaí ó thuaidh agus ó theas amháin. Tá ursaineacha trí ord ar an doras ceannchruinn thiar agus é feistithe le cumhdach starrach ar an taobh amuigh. Tógadh an cumhdach le cloch ghlas agus dhearg suite ar abacas múnlaithe agus feistithe le bacáin chinn ainmhithe snoite.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Theampall na Cille

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

 

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol