Tuama Dingeach an Oileáin
Ceann den bhreis agus cúig chéad tuama dingeach atá in Éirinn
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Tuama Dingeach an Oileáin
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Tuama Dingeach an Oileáin
Luíonn Tuama Dingeach an Oileáin níos lú ná 2 km soir ó Ráth an Tóiteáin. Rinneadh tochailt ar an tuama dingeach in 1957 agus atógadh é i ndiaidh na dtochailtí. Tá carn ubhchruthach timpeall ar an mballa lasmuigh atá ar chruth U. Tá an gailearaí roinnte idir póirseáid agus príomhsheomra, agus a aghaidh siar ó dheas agus soir ó thuaidh ag tabhairt leis grianstad an gheimhridh agus an tsamhraidh.
Fuarthas iarsmaí triúir chréamtha sa phríomhsheomra i rith na tochailte, agus tugadh faoi deara nach raibh ach céim amháin áitíochta sa láthair seo, idir 1412 go 1308 RCh, de réir na ndátaí radacarbóin. Dar le saineolaithe gur míreanna breise ón gCré-Umhaois a bhí sa ghailearaí agus sa bhalla seachtrach.
Is iad na tuamaí dingeacha an fhoirm is coitianta de na tuamaí meigiliteacha a fhaightear in Éirinn, agus is eol dúinn gur ann d’os cionn 500 sampla díobh. Tá an tuama dingeach agus na tuamaí cúirte, na dolmainí ursanacha agus na huaigheanna pasáiste ina ngnáth-shéadchomharthaí Éireannacha ón ré mheigiliteach. Tá na saineolaithe ar aon intinn go bhfuil baint ag an tuama dingeach le cleachtais adhlactha.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Thuama Dingeach an Oileáin
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 16.4 km ón Tuama Dingeach an Oileáin
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 16.5 km ón Tuama Dingeach an Oileáin
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 26.8 km ón Tuama Dingeach an Oileáin
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 28.5 km ón Tuama Dingeach an Oileáin
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile
Timpeall 40.2 km ón Tuama Dingeach an Oileáin
Daingean Míleata Rinn Chorráin
Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain
Timpeall 41.6 km ón Tuama Dingeach an Oileáin