Tuama Dingeach na hAltóra
An Altóir – ainm lena ndéantar tagairt seans d’úsáid an tuama dhingigh seo
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Tuama Dingeach na hAltóra atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Tuama Dingeach na hAltóra
Tá an seomra simplí seo a tógadh le leac suite ag Cuan an Tuair Mhóir ar Leithinis Uí Néid, 7 km siar ón Scoil. Tá a aghaidh TTN-TTT. Tá an treoshuíomh an-tábhachtach toisc go bhfaigheann an tuama solas na gréine ag dul faoi ar an 1 Samhain gach bliain, tráth a ndéantar ceiliúradh ar dheireadh an fhómhair agus ar thús an gheimhridh. Tá Samhain ar cheann de cheithre fhéile shéasúracha na nGael; is iad Imbolc, Bealtaine, agus Lughnasa na cinn eile.
Rinne an Dr William F. O’Brien tochailt ar an tuama dingeach seo in 1989, agus i measc an méid ar tháinig sé air bhí taiscí bairneach agus blaoscanna faochan, cnámha éisc, agus blúirín beag de chnámh dhaonna a bhí créamtha. Taobh amuigh den tuama, bhí breochloch, scríobairí dhá cheann, agus scríobán cuasach briste i measc na nithe ar thángthas orthu. Meastar go ngabhann an tuama siar go dtí 2500-2000RCh. Meastar go dtagann na poill éadoimhne ar an taobh istigh ó bhia a bhítí a ofráil do spioraid na sinsear.
D’fhéadfadh an téarma ‘altóir’ a bheith ag tagairt do na tuamaí dingeacha a úsáideadh níos déanaí mar charraig Aifrinn. Tá dhá shraith ortastat sa tuama dingeach – tá trí leac an ceann orthu agus cloch dhín amháin, leis an gceann eile luite ar an taobh thiar den tuama.
Is cuid de cheithre shéadchomhartha mheigiliteacha in Éirinn iad na tuamaí dingeacha, i dteannta tuamaí cúirte, dolmainí ursanacha agus tuamaí pasáiste. Tá cáil ar leith ar an tuama dingeach in Éirinn agus meastar go bhfuil sé ar an gceann is óige dár séadchomharthaí ón gClochaois.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Thuama Dingeach na hAltóra
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreáin oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014”
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Timpeall 25.7 km ón Tuama Dingeach na hAltóra
Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 43.5 km ón Tuama Dingeach na hAltóra
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 59.2 km ón Tuama Dingeach na hAltóra
Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl
Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige
Timpeall 67.4 km ón Tuama Dingeach na hAltóra
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile
Timpeall 80.2 km ón Tuama Dingeach na hAltóra
Daingean Míleata Rinn Chorráin
Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain
Timpeall 81.7 km ón Tuama Dingeach na hAltóra