Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Áth Dara

Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint

01 Meitheamh -29 Meán Fómhair 2024

Amanna oscailte go léir

Caisleán Áth Dara

Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint

01 Meitheamh -29 Meán Fómhair 2024

See all opening times

Ionad dúnta

Cead isteach

Téigh i dteaghmháil, le do thoil, le hIonad Oidhreachta Áth Dara ag 353(0) 61396666 / info@adareheritagecentre.ie le haghaidh sonraí.

Getting here

Ionad Oidhreachta Áth Dara
Áth Dara
Co. Luimnigh
V94 DWV7

Get Directions

Caisleán Áth Dara

Is eiseamláir é Caisleán Áth Dara de chaisleán daingnithe meánaoiseach in Éirinn. Tá sé suite go straitéiseach ar bhruacha na Máighe, áit a raibh a thiarnaí in ann smacht a choinneáil ar aon trácht a bhí ag dul isteach nó ag teacht amach as Inbhear na Sionainne.

Tógadh an caisleán chun go mbeadh sé daingean agus sábháilte. Daingean láidir cearnógach atá i gcroí cosanta an chaisleáin; tá an daingean tógtha taobh istigh de bharda a bhfuil balla thart air agus móta taobh amuigh de.

Athraíodh úinéireacht Chaisleán Áth Dara roinnt uaireanta sula raibh sé mar cheanncheathrú ag iarlaí Dheasumhan sa séú haois déag. Le linn Dara Éirí Amach Dheasumhan, áfach, ghlac na Sasanaigh seilbh air tar éis léigear fuilteach. Rinne fórsaí Chromail scrios ar an bhfoirgneamh in 1657, ach fós féin tá áilleacht ag baint leis.

Tá turais treoraithe ar fáil do dhuine ar bith a dteastaíonn uathu lorg Mhic Gearailt a leanúint agus a spiorad misniúil a bhrath.

Uaireanta Oscailte

01 Meitheamh  – 29 Meán Fómhair 2024

09:30- 16:00

Teagmháil

Ionad Oidhreachta Áth Dara
Áth Dara
Co. Luimnigh
V94 DWV7

061 396 666

Tabhair cuairt anseo

Tá Caisleán Áth Dara suite in aice leis an bpríomhdhroichead bóthair ar abhainn na Máighe ar an N21 isteach go dtí Áth Dara as Luimneach (Ná déan dearmad, áfach, gur trí Ionad Oidhreachta Átha Dara a eagraítear rochtain cuairteoirí go dtí an caisleán).

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Caifé
  • Carrchlós
  • Leithris
  • Leithreas inrochtana

Srianta

  • Madraí ar iall

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.