Skip to content

Oidhreacht Éireann

Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair

Áit adhlactha cheannairí 1916

Amanna oscailte go léir

Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair

Áit adhlactha cheannairí 1916

See all opening times

Cead isteach

Saor

Getting here

Cnoc an Arbhair
Baile Átha Cliath 7
Contae Bhaile Átha Cliath
D07 YRR2

Get Directions

Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair

Is í an reilig mhíleata ag Cnoc an Arbhair an áit ar adhlacadh 14 de cheannairí Éirí Amach 1916 a cuireadh chun báis. Dá bharr sin, is áit oilithreachta í do mhic léinn agus dóibh siúd a bhfuil suim ar leith acu sa tréimhse chorrach sin i stair na hÉireann.

Tá séipéal taobh leis, an séipéal do Phríosún Chnoc an Arbhair. Ar chúl an tséipéil tá an tseanreilig, áit a bhfuil cuimhneacháin shuimiúla do phearsanra arm na Breataine.

Dírítear go sonrach i gCnoc an Arbhair, áfach, ar scéal mór an éirí amach. I measc na ndaoine atá adhlactha anseo tá Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile agus Maor Seán Mac Giolla Bhríde. Cuireadh a gcoirp in uaigh gan leacht agus clúdaíodh le haol beo iad, ach tarrtháladh a n-uaigh ón anaithne agus anois tá leacht cuimhneacháin iontach ann a bhfuil inscríbhinn i mBéarla agus i nGaeilge air.

Tá Reilig Chnoc an Arbhair ar chúl Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, áit a bhfuil taispeántas mór faoi láthair d’ábhair a bhaineann le 1916.

Uaireanta Oscailte

Le haghaidh Turais Threoraithe: Ar fáil gach Aoine ag 11:00 ó Aibreán go Deireadh Fómhair (Déan teagmháil le phoenixparkvisitorcentre@opw.ie) Don Reilig: Ar feadh na Bliana Oscailte (Déan teagmháil le superintendent.park@opw.ie)

Luan – Aoine 08:00 – 16:00 Satharn 11:00 – 16:00 Domhnach 09:30 – 16:00

Fógra

Ní cheadaítear madraí ag uaigh 1916

Teagmháil

Cnoc an Arbhair
Baile Átha Cliath 7
D07 YRR2

01 677 0095 (Guided Tours) / 01 821 3021 (Cemetery)

Tabhair cuairt anseo

Tá Cnoc an Arbhair suite ar chúl Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Carrchlós
  • Turais threoraithe

Srianta

  • Coisbheart oiriúnach
  • Madraí ar iall
  • Siúlóidí míchothrom

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.