Oidhreacht Éireann

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Croílár chumhacht stairiúil na hÉireann

09:45 – 17:45

Amanna oscailte go léir

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Croílár chumhacht stairiúil na hÉireann

09:45 – 17:45

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Árasáin Stáit - Féin-Threoir amháin.
Tailte agus Gairdín ar oscailt.

Cead isteach

Turas Treoraithe (1 uair) (Árasáin Stáit, Siléar Meánaoiseach, Séipéal Ríoga & Taispeántais)
Fásta: €12.00
Saoránach Sinsearach (60+) : €10.00
Mac Léinn: €10.00
Leanbh: €6.00
Teaghlach: €30.00

Turais Féin Treoraithe (circa 30 nóiméad) (Árasáin Stáit & Taispeántais)
Fásta: €8.00
Saoránach Sinsearach: €6.00
Mac Léinn: €6.00
Leanbh: €4.00
Teaghlach: €20.00

BOOK ONLINE

Getting here

Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Contae Bhaile Átha Cliath
D02 AK81

Get Directions

Follow us

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Níl Caisleán Bhaile Átha Cliath ach siúlóidín gearr ó Choláiste na Tríonóide, ar an mbealach go hArd-Eaglais Chríost, agus mar sin, tá sé suite go maith le cuairt a thabhairt air de shiúl na gcos. Téann stair an tsuímh lár cathrach seo siar go ré na Lochlannach agus tógadh an caisleán féin sa tríú haois déag.

Baineadh úsáid as an bhfoirgneamh mar dhaingean míleata, mar phríosún, mar thaisce agus mar chúirteanna dlí. Ar feadh 700 bliain, ó 1204 go dtí gur baineadh an tsaoirse amach, ba é ceanncheathrú riail Shasana (na Breataine ina dhiaidh sin) in Éirinn é.

Rinneadh an caisleán, faoi mar atá sé sa lá atá inniu ann, a atógáil sa seachtú haois déag, san ochtú haois déag, sa naoú haois déag agus san fhichiú haois, agus anois is ionad rialtais agus airéine do shearmanais stáit é.

Bíonn árasáin an stáit, an uaimh, an séipéal ríoga, an t-ionad oidhreachta agus an bhialann ar oscailt do chuairteoirí.

Uaireanta Oscailte

Ar oscailt an bhliain ar fad

Dé Luain – Dé Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc 09:45 – 17:45

Cead isteach deireanach 17:15pm

Meánfhad cuairte: 1 uair. Turas féin-threoraithe 30 nóiméad.

Cead isteach trí thuras treoraithe. Tá rogha féin-threorach ar fáil freisin.

Fógra

Teastaíonn áirithint chun cinn do Ghrúpaí Treoraithe agus Féin-Threoraithe.

Uaireanta, dúntar Caisleán Bhaile Átha Cliath le haghaidh obair rialtais gan ach fógra an-ghearr a thabhairt.

Dúnta 25 – 27 Nollaig agus 1 Eanáir.

Teagmháil

Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
D02 AK81

01 645 8813

Tabhair cuairt anseo

Lonnaithe i Lár na Cathrach ar Shráid an Dáma taobh thiar de Halla na Cathrach, 5 nóiméad de shiúl ó Choláiste na Tríonóide i dtreo Theampall Chríost

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Bróisiúr
  • Caifé
  • Leithris
  • Leithreas inrochtana

Srianta

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol