Mainistir Shligigh
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Cead isteach
Duine fásta: €4.00
Duine Scothaosta: €4.00
Paiste: €2.00
Clann: €10.00
Follow us
Mainistir Shligigh
Tá áit shuntasach ag an mainistir Dhoiminiceach i lár bhaile Shligigh ó lár an tríú haois déag, nuair ar thóg Muiris Mac Gearailt é, an duine a bhunaigh an baile féin. Tháinig cuid den fhoirgneamh ón tréimhse sin slán ó na naoi gcéad bliain d’achrann a tháinig ina dhiaidh sin.
Scriosadh cuid den mhainistir nuair a dódh é in 1414, nuair a fágadh coinneal gan faire, agus rinneadh níos mó dochair di i ndiaidh an Éirí Amach in 1641. De réir an tseanchais, rinne adhraitheoirí cloigín airgid na mainistreach a tharrtháil ag an am sin agus chaith siad isteach i Loch Gile é. Féadfaidh tú é a chloisteáil ag bualadh fós – ar an gcoinníoll, áfach, go bhfuil tú go hiomlán saor ó pheaca.
In ainneoin léirscrios na staire, tá saibhreas mór sníodóireachta sa mhainistir. Ina measc, tá dealbhóireacht tuamaí ón ré Ghotach agus ó ré na hAthbheochana, clabhstra a bhfuil bail mhaith air agus ard-altóir dhealbhaithe ón gcúigiú haois déag – an t-aon altóir dá leithéid atá fós le feiceáil i séipéal mainistreach Éireannach.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
24 Márta – 26 Deireadh Fómhair 2022
Go Laethúil 10:00- 18:00
Cead isteach deireanach 17:15
Tabhair cuairt anseo
Lár bhaile Shligigh
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Turais threoraithe
- Leithris
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Rochtain Theoranta
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Mainistir Shligigh
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn suite i dtírdhreach drámatúil neoiliteach
Timpeall 3.9 km ón Mainistir Shligigh
Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
Timpeall 8.9 km ón Mainistir Shligigh
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Ceann de chliabháin an Éirí Amach
Timpeall 30.2 km ón Mainistir Shligigh
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Mhainistir Shligigh. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Mhainistir Shligigh.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta