Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Ionad dúnta
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Airgead tirim amháin, le do thoil – gan aon áis cárta creidmheasa
Follow us
Oileán an Chuilinn
Is gairdín beag bídeach oileánda é Oileán an Chuilinn a bhfuil áilleacht uathúil ag baint leis. Neadaithe i gcuan cósta foscúil ag an nGleann Garbh i mBá Bheanntraí, tá neart seoda gairneoireachta agus ailtireachta uathúla le feiceáil sna gairdíní. Is cuimhneachán oiriúnach é Teach Bryce in ómós do chruthaitheoirí físeacha na háite uathúla seo.
Tá gairdíní Oileán an Chuilinn ann mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht chruthaitheach, ag tús an fhichiú haois, idir Annan agus Violet Bryce, úinéirí an oileáin, agus Harold Peto, ailtire agus dearthóir físeach gairdíní. Tá miocraeráid shéimh bhogthais sa cheantar, agus dá bhar sin fásann plandaí áille go maith ann ó cheann ceann na bliana.
Tugann báid farantóireachta bheaga agus busanna uisce 60 suíochán cuairteoirí go hOileán an Chuilinn ar bhonn rialta. Is iondúil, mar chuid den turas gearr, go mbíonn pléisiúr breise ann – cuairt chuig an gcoilíneacht rónta in aice láimhe agus deis féachaint ar na hIolair Mhara mhaorga.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
1 Aibreán go 30 Meitheamh 2023
Gach lá: 10.00 – 17.30
1 Iúil go 31 Lúnasa 2023
Gach lá: 09.30 – 17.30
1 Meán Fómhair – 30 Meán Fómhair 2023
Gach lá: 10.00 – 17.30
1 Deireadh Fómhair – 5 Samhain 2023
Gach lá: 10.00 – 16.30
Fógra
Rochtain theoranta do chuairteoirí a bhfuil míchumais orthu.
Tabhair faoi deara le do thoil go ngearrann oibreoirí na mbád táille scartha maidir le turas an bháid chuig agus ón oileán.
Airgead tirim amháin, le do thoil – gan aon áis cárta creidmheasa
Tabhair cuairt anseo
An Gleann Garbh, Beanntraí. 1.5Km de thuras báid ó An Gleann Garbh
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Seomra Gléasta Páiste
- Bróisiúr
- Caifé
- Turais threoraithe
- Ardaitheoir
- Músaem
- Leithris
- Bealach siúil
- Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Fan ar ais ón imeall
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Oileán an Chuilinn
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 33.9 km ón Oileán an Chuilinn
Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 40.5 km ón Oileán an Chuilinn
Sceilg Mhichíl
Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige
Timpeall 67.7 km ón Oileán an Chuilinn
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Ilnacullin. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Ilnacullin.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta