Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Bhaile na Carraige
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Bhaile na Carraige
Tá radharc anuas as an túrtheach Éireannach ceithre stór seo ar Loch Bhaile na Carraige, i sráidbhaile Bhaile na Carraige, níos lú ná 10 km ó Dhún Mánmhaí. Tógadh píosaí áirithe den túrtheach sa 16ú haois, ach measann saineolaithe go bhféadfadh sé gur tógadh é 100 bliain níos túisce. Ceaptar go mba leis na Cárthaigh an túr seo an chéad lá riamh, toisc gurbh iad an príomhtheaghlach a bhí sa cheantar. Bhí clann Uí Mhuirthile (Hurley) mar chomharsana acu agus, más trí phósadh nó chogadh é, d’éirigh le clann Uí Mhuirthile seilbh a ghlacadh ar Chaisleán Bhaile na Carraige. Géilleadh an caisleán do mhuintir Croft in 1654.
Tá bearna san áit a mbíodh geata crochta os cionn an dorais isteach ar an mballa thoir. Cumhdaíonn dhá bhartasán coirnéil thiar thuaidh agus thoir theas an túir, agus tá píosaí de pholl lámhaigh ann a chlúdaíonn an doras isteach. Téann staighre cloiche bíseach suas tríd an túr le spréití fuinneoige ar gach leibhéal agus tinteáin sa dara agus sa cheathrú stór amháin.
Tá Síle na gcíoch i measc na ngnéithe ailtireachta atá taobh istigh den túr, agus sraith snoiteán ar spréití fuinneoige: léiriú d’Uirlisí Pháis Chríost, fíor le cúig róiséad a gceaptar gurb í Catherine O Cullane agus a leanaí atá ann, agus inscríobh ‘1585 R.M C.C’ a cheaptar a chiallaíonn ‘sa bhliain 1585 Randal Muirhily (Hurley) agus a bhean Catherine O Cullane.’
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Bhaile na Carraige
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile
Timpeall 34.9 km ón Caisleán Bhaile na Carraige
Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Timpeall 35.4 km ón Caisleán Bhaile na Carraige
Daingean Míleata Rinn Chorráin
Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain
Timpeall 36.7 km ón Caisleán Bhaile na Carraige
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 50.7 km ón Caisleán Bhaile na Carraige
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 54.0 km ón Caisleán Bhaile na Carraige
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 57.5 km ón Caisleán Bhaile na Carraige