Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Charraig an Phoill

Caisleán daingnithe atá suite go straitéiseach

Unguided sites

Carraig an Phoill
Contae Chiarraí

Caisleán Charraig an Phoill

Caisleán daingnithe atá suite go straitéiseach

Unguided sites

Carraig an Phoill
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Charraig an Phoill

*Osclaíonn sealbhóir na heochrach an caisleán gach lá le go bhféadfaí dul isteach ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Charraig an Phoill

Túrtheach ó dheireadh an 15ú céad is ea Caisleán Charraig an Phoill. Tógadh ar Oileán na Carraige (lomán beag creagach ag béal Inbhear na Sionainne) é, áit nach bhfuil ach achar gearr ó Bhéal Átha Longfoirt, Contae Chiarraí. Tugtar Carrigafoyle ar Charraig an Phoill i mBéarla. Rinne Conchúr Liath Ó Conchúir Caisleán Charraig an Phoill a thógáil — sna 1490idí is dócha. Thugtaí “Coimirceoir na Sionainne” ar an suíomh mar go raibh sé suite go straitéiseach agus go raibh smacht aige ar na lánaí loingseoireachta isteach go Cathair Luimnigh agus amach aisti. D’fheictí móta thart faoin gcaisleán nuair a bhíodh sé ina lán mara. Tógadh duga beag taobh leis an daingean lena ligean do bháid seoladh agus dul ar feistiú in aice leis.

Foirgneamh cúig stór é an túrtheach. Tá sé giota beag os cionn 24 méadar ar airde. Tá staighre bíse ann, ina bhfuil 104 céim, a théann suas go dtí an barr. Le linn an Dara hÉirí Amach i nDeasumhain (1579-1583), bhí leathchéad reibiliúnach Éireannach, agus seisear déag dá gcomhghuaillithe Spáinneacha, ar garastún sa chaisleán faoi cheannas an Chaptaein Gilleán. Rinne arm Shasana, faoi cheannas an Ridire William Pelham, Tiarna Breithimh na hÉireann, ionsaí ar an gcaisleán Cáisc na bliana 1580. De réir an traidisiúin, bhí an léigear ar cheann de na chéad uaireanta a úsáideadh airtléire i gCiarraí. Ar an gcéad lá den ionsaí, thug Pelham ordú do na trúpaí dul a fhad leis an mballa mara, áit ar scaoileadh leo agus ar radadh bolláin leo ó na forbhallaí. Tuairiscíodh go raibh an trodaíocht chomh fíochmhar sin gur éirigh an lomán creagach timpeall an chaisleáin “sleamhain le fuil”. Tháinig trúpaí Sasanacha breise ar an dara lá den léigear agus thit balla thiar an chaisleáin chun talún de thairbhe lámhach seasta na ngunnaí móra. Maraíodh cuid mhór de chosantóirí an chaisleáin, iad brúite ag an tsaoirseacht. Cuireadh iad siúd a tháinig slán chun báis nuair a rinne na Gaill ruathar ar an gcaisleán.

Fágadh daingin reibiliúnach eile go han-ghairid i ndiaidh dóibh cloisteáil faoin scrios, rud a thugann an tábhacht straitéiseach a bhain le Caisleán Charraig an Phoill le fios. Fágadh Caisleán Eas Géitine agus Caisleán Dheasumhan, an Caisleán Nua gan mhoill ina dhiaidh sin d’fhonn straitéis treallchogaíochta a úsáid sna chéad trí bliana ina dhiaidh sin nó gur tháinig deireadh leis an éirí amach nuair a maraíodh Iarla Dheasumhan i nGleann na Ginte i Sliabh Mis i gcóngar Thrá Lí.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Charraig an Phoill

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol