Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Cheann Toirc
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Cheann Toirc
Ó dheas de Cheann Toirc tá caisleán Cheann Toirc, ar a dtugtar ‘An tSeanchúirt’. Tá cur is cúiteamh faoi dháta beacht na tógála ach tá na saineolaithe ar aon intinn gur tógadh é laistigh den 17ú haois. Ba mhainéar daingnithe nár críochnaíodh riamh é an tSeanchúirt agus, suas go dtí 2000, ba é an t-aon mhaoin é a bhí i seilbh an Iontaobhais Náisiúnta lasmuigh den Ríocht Aontaithe.
Thóg muintir MacDonagh MacCarthy, Tiarnaí Dhúiche Ealla, an tSeanchúirt. De réir an tseanchais nuair a chuala an Ríchomhairle faoi chomh maith agus a bhí sé tógtha agus an aidhm a bhí leis – cosaint a thabhairt in aghaidh na Sasanach – eisíodh orduithe chun deireadh a chur lena thógáil, agus ní raibh muintir MacDonagh MacCarthy in ann an t-airgead a fháil ní b’fhaide ó fhoinsí Shasana. Níor críochnaíodh an caisleán riamh dá bharr sin, agus níor cuireadh díon air riamh. Tugadh mar mhorgáiste é ina dhiaidh sin do Sir Philp Percival, agus faoi 1667 tugadh dá gharmhac é agus d’fhan sé i seilbh mhuintir Percival, Iarlaí Egmont, go dtí 1900. Bhronn Lucy, Cuntas Egmont, an caisleán ar an Iontaobhas Náisiúnta an 8 Bealtaine 1900 ar an gcoinníoll go gcoinneofaí an caisleán sa bhail chéanna agus a bhí sé nuair a tugadh ar láimh é, ina fhothrach.
Is bloc dronuilleogach ceithre stór é an tSeanchúirt le bloc cliathánach cúig stór ar gach coirnéal. I measc roinnt de na gnéithe ailtireachta tá colbha dorais aolchloiche le háirse cruinn agus piléar balla ar gach aon taobh ag tacú le fríos agus coirnis, ar stíl na hAthbheochana; fuinneoga muilleanacha atá socraithe go siméadrach; áirsí géara, rud a bhíodh coitianta i dtúrthithe Éireannacha, agus roinnt tinteán, agus matal snoite le fríos agus coirnis glinn sa tinteán ar an tríú stór.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 22.5 km ón Caisleán Cheann Toirc
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 29.5 km ón Caisleán Cheann Toirc
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 33.6 km ón Caisleán Cheann Toirc
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 45.1 km ón Caisleán Cheann Toirc
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 45.2 km ón Caisleán Cheann Toirc
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 47.6 km ón Caisleán Cheann Toirc