Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Uí Dhonnabháin

Baile dúchais mhuintir Uí Dhonnabháin tráth dá raibh

Unguided sites

Caisleán Uí Dhonnabháin
Contae Chorcaí

Caisleán Uí Dhonnabháin

Baile dúchais mhuintir Uí Dhonnabháin tráth dá raibh

Unguided sites

Caisleán Uí Dhonnabháin
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Uí Dhonnabháin

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Uí Dhonnabháin

Suíonn Caisleán Uí Dhonnabháin ar bharr lomáin carraige ag breathnú amach ar an Aighlinn, 6 km ó thuaidh de Dhrom Dhá Liag. Gnáth-thúrtheach Éireannach é Caisleán Uí Dhonnabháin, é dronuilleogach le ceithre stór. Níor tugadh Caisleán Uí Dhonnabháin air go dtí gur bhronn Séamas II an túrtheach ar mhuintir Uí Dhonnabháin in 1615. Roimh 1615, tugadh Samhach (nó Sowagh) mar ainm ar an túrtheach ar dtús.

Thóg Domhnall Ó Donnabháin é thart ar 1560 – nó Domhnall na gCraiceann mar a tugadh air, toisc gur chlúdaigh a mháthair le craicne é ionas nach bhfaigheadh a naimhde greim air – ba é Caisleán Uí Dhonnabháin príomhshuíochán na nDonnabhánach. Go luath sa 17ú haois bhí an chlann tar éis bogadh go Mainéar Ráth Choinn. De réir an tseanchais chuir Cromail agus a chuid saighdiúirí buama faoin túr de bharr go raibh na Donnabháin páirteach in éirí amach 1641 agus ní raibh aon duine ina gcónaí ann riamh ó shin.

Táthar in ann dul isteach i gceithre stór an túrthí ar staighre cloiche bíseach sa chúinne. Tá gnáth-spréanna solais i seomra an bhunurláir. Tá tinteáin i ngach ceann de na seomraí i mbarr tí, agus fuinneog cheannchearnach ar an tríú hurlár agus í scartha le muillean agus transam. Cumhdaíonn dhá bhartasán na coirnéil thoir thuaidh agus thiar theas, agus bartasán eile fós ar an gcoirnéal thiar theas agus poll lámhaigh os cionn an phríomhdhorais.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol