Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ciorcal Liag an Droma Bhig

Ceann de na samplaí is breátha de Chiorcail Liaga in Éirinn

Unguided sites

An Drom Beag
Contae Chorcaí

Ciorcal Liag an Droma Bhig

Ceann de na samplaí is breátha de Chiorcail Liaga in Éirinn

Unguided sites

An Drom Beag
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Ciorcal Liag an Droma Bhig

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Ciorcal Liag an Droma Bhig

Suite níos lú ná 3 km soir ó Chuan Dor, tá an Drom Beag ar cheann de na samplaí is breátha de chiorcal liag in Éirinn. In éineacht leis an bhfulacht fiadh agus an láithreán cró in aice láimhe, tá an Drom Beag in úsáid ó 1124-794 RCh. Tá aghaidh an Droma Bhig soir ó thuaidh agus siar ó dheas, rud a ligeann don ghrian ag dul faoi grianstad an gheimhridh agus an tsamhraidh a thabhairt léi. Bhí 17 gcloch ina seasamh sa chiorcal liag ar dtús, leis an gcloch aiseach, an chloch is mó, ag a raibh dhá chuasghreanadh éadoimhne, ceann le móitíf ubhchruthach shnoite.

Rinneadh tochailt ar Chiorcal Liag an Droma Bhig in 1957 tráth ar thángthas ar cúig chlais laistigh den chiorcal, faoin urlár. Thángthas ar thaisce de thaisí daonna créamtha i measc blúiríní scealla agus mionstiallacha de shoithí fabraice.

Tá an láthair chró thoir ó dheas den chiorcal liag agus baineann sé lena lán tréimhsí. Le linn na tochailte cinneadh gur chruth-C a bhí ar an gcéad chró, agus gur tógadh cró cloiche os a chionn, agus ansin gur réitíodh an bealach le haghaidh cró cloiche ar chruth uimhir a hocht agus doras an chró roimhe sin in úsáid. Tógadh cabhsa ansin chuig an bhfulacht fiadh. Tá an fhulacht fiadh ar chruth crú capaill le teallach ar chruth U. Tá dátaí iarsmaí ón bhfulacht fiadh idir 109 go dtí 349 AD agus tá na dátaí ón dara hanailís radacarbóin a rinneadh ar an bpoll cócaireachta idir 368 go dtí 608 AD. Measann na saineolaithe go raibh an láthair in úsáid ó am go ham ar feadh tréimhse.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chiorcal Liag an Droma Bhig

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol