Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach Chinn Eich

Cloigtheach a bhí mar chuid de lonnaíocht mhainistreach i gCinn Eich tráth

Unguided sites

Slinneog
Contae Chorcaí

Cloigtheach Chinn Eich

Cloigtheach a bhí mar chuid de lonnaíocht mhainistreach i gCinn Eich tráth

Unguided sites

Slinneog
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Cloigtheach Chinn Eich atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach Chinn Eich

Tá Cloigtheach Chinn Eich siar ó Bhaile Chaisleáin Chinn Eich, agus ó dheas den Chaipín, díreach lasmuigh de reilig Chinn Eich. Is é Naomh Mocholmóg a bhunaigh an chéad imfhálú mainistreach in 619AD, ach rinne na Lochlannaigh slad agus foghail air in 916AD. Thug cloigtheach mar chuid de lonnaíocht mhainistreach le fios go raibh mainistir an-rachmasach. Téann an cloigtheach siar go timpeall ar 1000AD.

Tá bonn heicseagánach ar leith sa chloigtheach sé stór seo, a tógadh le clocha sclátaí cóirithe, agus tá sé os cionn 67 troigh ar airde. Tá an liag mhullaigh chónúil a bhíodh orthu ag an am ar iarraidh, agus sa 18ú haois athraíodh barr an chloigthí agus ba chloigtheach de chuid Eaglais na hÉireann ansin é. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí oibreacha leasúcháin ar an obair chloiche le gairid agus chuir siad leac mhullaigh copair chosantach ar bharr an túir.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloigtheach Chinn Eich

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol