Skip to content

Oidhreacht Éireann

Lios Ardach

An áit ar thángthas ar an gcailís cháiliúil, Cailís Ardach

Unguided sites

An Riaráiste Theas
Contae Luimnigh

Lios Ardach

An áit ar thángthas ar an gcailís cháiliúil, Cailís Ardach

Unguided sites

An Riaráiste Theas
Contae Luimnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Lios Ardach atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Tabhair do d’aire go mbíonn beostoc thart faoin séadchomhartha seo go minic*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Lios Ardach

Tá Lios Ardach, ar a dtugtar Lios an Riaráiste Theas sa cheantar, díreach taobh amuigh de shráidbhaile Ardach. Is é ‘páirc ard’ an chiall atá leis an bhfocal ‘ardach’.  Gnáthlios is ea an séadchomhartha. Is dócha gur tógadh é idir 500 agus 900 AD mar áit chónaithe d’fheirmeoir saibhir agus dá theaghlach. Tá tuairim is 60,000 lios ar taifead ar fud na hÉireann. Is lios ar leith é an ceann seo, áfach, siocair go mbaineann sé le Cailís Ardach.

Thiar sa bhliain 1868, bhí gasúr ag baint prátaí a cuireadh sa lios nuair a chorraigh sé leac. Thiontaigh sé bunoscionn í agus ba éard a bhí fúithi an chailís ón 8ú haois, cailís bheag eile agus ceithre dhealg neasfháinneacha airgid ón 8ú nó ón 9ú céad. Tá Cailís Ardach ar nós gréithe ó thréimhse mhall na Róimhe ó thaobh foirme de, ach tá an déanamh agus an maisiú de stíl na hÉireann. Bhí an chailís féin déanta d’airgead casmhúnlaithe agus maisithe le hairgead, gloine, ómra agus cruan, chomh maith le painéil chasta fíolagráin óir a léiríonn móitífeanna Ceilteacha. Tá criostal grianchloiche snasta amháin le fáil laistíos den bhonn freisin. Meastar gur sárshampla de shaoirseacht na luath-mheánaoise í agus tá sí ar cheann de na píosaí is fearr d’ealaín na gCeilteach dá bhfuil ann. Tá Corn Mhig Uidhir bunaithe ar Chailís Ardach. Bronntar an corn sin ar an bhfoireann a bhaineann Craobh Peile na hÉireann.

Tá Cailís Ardach ar taispeáint go buan in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Tabhair do d’aire: Tá Lios Ardach suite ar fheirm oibre agus iarrtar ar chuairteoirí geataí a dhruidim ina ndiaidh agus gan cur isteach ar bheostoc.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Lios Ardach

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol