Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta
Mainistir Phroinsiasach lena ngabhann stair shuimiúil
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Ard Fhearta atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta
Téann Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta siar go dtí mall sa 13ú haois agus luath sa 14ú haois. Ceaptar gur dódh mainistir ní ba luaithe sa bhliain 1089, a bhunaigh Naomh Breandán Loingseoir, sular tógadh an mhainistir Phroinsiasach seo. Ba é Thomas Fitzmaurice, 1ú Barún Chiarraí, a d’éag sa bhliain 1280 agus atá curtha ar an taobh thuaidh d’altóir na mainistreach, a bhunaigh an mhainistir reatha. Go deimhin bhí roinnt tuamaí ag muintir Fitzmaurice sa mhainistir, chomh maith le tiarnaí Fitzmaurice ó Chiarraí agus Leic Snámha.
Rinneadh an tagairt is luaithe atá ar eolas faoin mainistir sa bhliain 1307 nuair a goideadh gráin ó chófra sa séipéal. Trí bliana ina dhiaidh sin tarlaíonn imeacht níos tromchúisí: bhí Easpag Ard Fhearta agus Achadh Deo, agus na bráithre, gafa le cás dlí tar éis don Easpag corp an uasail Angla-Normannaigh John de Cantelupe a bhaint den mhainistir agus é a chur in áit eile. Buaileadh roinnt de na bráithre mar thoradh air sin. An toradh a bhí air sin ná gur gabhadh an tEaspag agus gabhadh a shéiplínigh agus tógadh a gcuid earraí.
Athbhunaíodh an mhainistir ar son na mBráthar Proinsiasach Comhallach sa bhliain 1517, áfach, nuair a tharla an t-ordú leis na mainistreacha a dhíscaoileadh, díscaoileadh an mhainistir agus díbríodh na bráithre. D’iompaigh a húinéir nua, Col. John Zouche, ina bheairic í sa bhliain 1584. Sa bhliain 1587 bronnadh an mhainistir ar na plandálaithe Sasanacha, Walshingham agus Denny. Sa bhliain 1600 ceapadh John Crosbie ina Easpag ar Ard Fhearta agus chuir sé faoi sa mhainistir, agus is féidir go ndearna sé athruithe ar an bhfoirgneamh le linn a thréimhse ann.
Bhí an mhainistir i seilbh mhuintir Crosbie, ar a dtugtaí Iarlaí Chuan Dor, go dtí gur bhásaigh an tIarla Chuan Dor deireanach, John Crosbie, sa bhliain 1815.
Tá eaglais ón 13ú haois, agus clabhstra agus túr curtha léi le linn an 15ú haois, ar an taobh thiar sa mhainistir.
Tá corp eaglaise agus saingeal fada ag an eaglais atá ar 41m ar fad, ina bhfuil meascán d’aolchloch agus de ghaineamhchloch, agus na gialla agus na cúinní déanta de ghaineamhchloch dhearg agus ghlas.
Tá Corp na hEaglaise, ceantar timpeall na haltóra, an cór agus an sanctóir san áireamh, 10m ar airde agus, ag teacht leis an traidisiún liotúirgeach, tá sé le fáil ag ceann thoir na heaglaise. Cuireadh solas ar fáil trí fhuinneog ón 13ú haois a bhí roinnte ina cúig stua bhioracha ghrádaithe (tugtar fuinneoga bioracha nó cróite snáthaide orthu mar gheall ar a gcosúlacht le sleá) faoi mhúnlú cochall rinneach ceangailte agus le gialla seaimféaráilte cóirithe. Tá fuinneoga ann sna ballaí thuaidh agus theas freisin. Tá cuma ar an mballa ó thuaidh go ndearnadh atógáil air sa 19ú haois, agus ceaptar go bhfuil dhá chuas chruinne áirse a tógadh mar aithris ar na cuasa bunaidh. Tá an balla ó dheas mar a bhí ón 13ú haois, agus tá 3m d’uchtbhalla ann. Tá naoi gcró snáthaide ag an mballa ó dheas le háirsí cúil cothromaithe, le frámaí fuinneoige (ar an taobh inmheánach) a bhfuil dearadh le ceann trídhuilleach acu. Tá cúig chuasán thíos faoi na cróite snáthaide, agus is féidir gur ón 16ú haois a cuireadh dhá cheann ann. Tá na cuasáin cruinnáirseach le gialla seaimféaráilte aolchloiche, ina bhfuil cuimhneachán ón 19ú haois. Tá an piléar balla agus an ceann tairne ar an mullach colúin bunaidh ag an tríú cuasán, atá ceannchruinn freisin, chomh maith le múnlú cochaill le stuaiceanna fágtha ar thaobh amháin. Tá an ceathrú cuasán maisithe le háirse cheannchearnach thrídhuilleach atá ina suí ar philéir bhalla aolchloiche leath-ochtagánacha ón 16ú haois. Baineann an cúigiú agus an cuasán deiridh atá ceannchruinn agus a bhfuil múnlú cochaill ceann címe air, chomh maith leis an stuaic, le tréimhse ama an 16ú haois.
Téann doras nua-aimseartha amach ón saingeal isteach sa Sacraistí, a raibh dhá urlár aige roimhe. Chuir fuinneog dhá léas ar a bhfuil ceann címe, chomh maith le gialla seaimféaráilte aolchloiche, solas ar fáil don spás.
Tá atógáil shuntasach a tharla le himeacht ama le feiceáil i gcorp na heaglaise, ach tá cuid de na gnéithe bunaidh ann ar fad, amhail dhá líne de ghialla aolchloiche cóirithe a bhaineann leis an bhfuinneog thiar bhunaidh ón 13ú haois. Tá ceithre áirse ag an mballa ó dheas de chorp na heaglaise a bhaineann leis an taobhroinn ó dheas agus croslann na heaglaise. Tá bealach isteach sa chroslann ann freisin ó cheann tuaisceartach chorp na heaglaise trí dhoras ceannchruinn ón 16ú haois. Ar thaobh na láimhe deise den doras seo tá dhá choirbéal agus poill ó dhalláin thíos fúthu, agus moltar gurb é an áit a raibh an scáthlán croise tráth.
Téitear isteach sa túr a bhfuil sé stór ann trí chúinne i gcorp na heaglaise. Tá an bunurlár á shoilsiú ag fuinneoga scoilte ar na ballaí theas agus thiar. Tá an chéad urlár á shoilsiú ar an dóigh chéanna leis an mbunurlár. Téitear chuig an dara hurlár, lena síleáil boghtaí rinneach, trí staighre inmheánach. Tá dorchla ann ar an dara hurlár le bearna a bhreathnaíonn isteach ar chorp na heaglaise. Cuirtear soilsiú ar fáil trí fhuinneog spréite ar a bhfuil ceann címe le gialla seaimféaráilte aolchloiche ar an mballa thiar. Chuaigh dhá staighre chuig na hurláir uachtaracha a raibh fuinneoga agus losáin ann.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Ard Fhearta
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 0.6 km ón Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta
Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach
Timpeall 23.2 km ón Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 35.8 km ón Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 36.1 km ón Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 50.2 km ón Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta
Ionad an Bhlascaoid
An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda
Timpeall 51.8 km ón Mainistir Phroinsiasach Ard Fhearta