Mainistir Phroinsiasach Eas Géitine
Mainistir Phroinsiasach atá suite go síochánta ar bhruach na Daoile
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Eas Géitine
*Is féidir cuairt a thabhairt ar Mhainistir Eas Géitine ó cheann ceann na bliana agus turais ar fáil ach iad a iarraidh:
Samhradh: 09:00 – 18:00
Geimhreadh: 09:30 – 17:00*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Phroinsiasach Eas Géitine
Tá mainistir Eas Géitine in aice leis an Daoil ar an taobh thuaidh de shráidbhaile Eas Géitine, agus is dócha gurbh é Gearóid Iarla, 3ú Iarla Dheasumhan, a bhunaitheoir. Is dóichí gur mealladh an 3ú Iarla le deonú loghanna ag an bPápa Boniface IX d’aon duine a thug déirce do mhainistir Eas Géitine. Rinneadh athchóiriú ar an mainistir faoi Ord na mBráthar Mionúr sa bhliain 1490 agus sa bhliain 1513. Sa bhliain 1564 bhí caibidil chúige sa mhainistir, is é sin tionól ginearálta manach agus cléire a bhí ann.
I rith an dara éirí amach i nDeasumhain ar theip air, scrios agus chreach Nicholas Malby an mhainistir in 1579, an bhliain chéanna a rinneadh Uachtarán Chonnacht de Malby. Tháinig na bráithre ar ais agus d’imigh arís ó am go chéile go dtí 1714.
Eaglais aolchloiche le haon phasáiste a tógadh le clabhstra ó dheas le raon ag síneadh soir siar is ea an mhainistir. Píosaí breise iad an sacraistí, an chroslann, an proinnteach ina bhfuil dhá stór agus seomra boghtaí bairille a cuireadh léi níos déanaí sa 15ú haois. Tógadh cloigtheach ag an mainistir freisin, ach níl aon rud fágtha de. Tá go leor de thuamaí theaghlach Fitzgerald ann. Sa 16ú haois rinneadh tuilleadh maisiúcháin le doirse cloiche snoite a thaispeánann maisiú i stíl na hAthbheochana.
Tá cúig fhuinneog sa bhalla thoir ag an eaglais, trí fhuinneog trí léas i mballa theas an tsaingil agus fuinneog amháin sna ballaí thuaidh agus thiar araon. Thug doras biorach chuig an sacraistí ón saingeal thú agus tá dhá stór ann. Tá teallach ag an mbunurlár atá á shoilsiú ag fuinneog dhá léas sa bhalla thoir freisin. Bhí an chéad urlár á shoilsiú ag fuinneoga dhá léas sa bhalla thuaidh agus thoir.
Téitear isteach sa chroslann trí dhá áirse bhioracha atá ina suí ar cholún a bhfuil cruth druma air. Níl ach an fhuinneog theas, fuinneog dhá léas agus fuinneoga dhá léas ar a bhfuil ceann címe sa bhalla thiar fágtha anois.
Tá stuara biorach de cholúiníní a bhfuil cruth gréasáin orthu i ngrúpaí de thrí ag an gclabhstra agus tá plástar agus caoladóireacht go leor le feiceáil. Tá dhá urlár ag raon thoir an chlabhstra agus tá síleáil bhoghta bhairille fada ag an mbunurlár agus bhí sé á shoilsiú ón oirthear le trí fhuinneog, le lúba cúnga spréite le leaca claonta. Tugtar teallach faoi deara freisin. Téitear chuig an gcéad urlár ach dul suas staighre bíse agus cumhdaíonn an chéad urlár an bunurlár agus an cruinnbhealach. Fuinneog dhá leas dhronuilleogach le muillin agus transaim is ea an fhuinneog sa bhalla theas. Fuinneoga léas amháin ar a bhfuil ceann címe iad na trí fhuinneog sa bhalla thoir. Tá trí fhuinneog sa bhalla thiar, fuinneog dhá léas atá in dhá cheann acu agus fuinneog léas amháin atá sa cheann eile.
Tá dhá stór sa raon thiar agus dhá spás ag an mbunurlár. Tá gnéithe ailtireachta sa spás ó thuaidh amhail síleáil boghtaí bairille bhiorach, fuinneoga spréite, agus fuinneog rinneach chuspach. Tá losán sa spás ó dheas, ar a dtugtar an príosún. Síneann an chéad urlár thar an gcruinnbhealach. Tá ceithre fhuinneog rinneacha léas amháin sna ballaí thoir agus thiar. Tá an balla ó thuaidh cosúil leo agus radharc uaidh ar altóir na heaglaise, agus taispeánann sé iarsmaí de phlástar maisithe. Tá fuinneog ard dhá léas ar a bhfuil ceann címe le suíochán fuinneoige sa bhalla ó dheas.
Tá dhá stór sa phroinnteach freisin; tá fuinneog dhá léas ar a bhfuil ceann címe sa bhalla thiar ar an mbunurlár. Is féidir cuas an léitheora a bhaint amach trí cholúiníní cruinne ar a bhfuil mullaí múnlaithe. Téann solas isteach sa chéad urlár trí mheascán d’fhuinneoga beaga dronuilleogacha, d’fhuinneoga dhá léas ar a bhfuil ceann címe agus d’fhuinneoga aon léis amháin ar a bhfuil ceann címe.
Tá struchtúr dhá stór siar ón raon theas agus tá losán ann — leithreas comhroinnte manachúil.
Ar na gnéithe suntasacha ailtireachta tá painéal snoite ar an taobh thuaidh den chlabhstra ar a bhfuil íomhá de Naomh Proinsias. Tá seastán Aifrinn snoite i mballa thuaidh chruinnbhealach an chlabhstra. Tá maisiúchán péinteáilte ar an gcéad urlár den raon thiar agus tá crosa coisreacain i bplástar an chéad urláir den raon theas.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Eas Géitine
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 0.4 km ón Mainistir Phroinsiasach Eas Géitine
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 13.3 km ón Mainistir Phroinsiasach Eas Géitine
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 18.0 km ón Mainistir Phroinsiasach Eas Géitine
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 26.9 km ón Mainistir Phroinsiasach Eas Géitine
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 32.0 km ón Mainistir Phroinsiasach Eas Géitine
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 36.8 km ón Mainistir Phroinsiasach Eas Géitine