Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Lios Laichtín atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Phroinsiasach Lios Laictín
Mainistir Phroinsiasach é Mainistir Lios Laichtín, atá díreach os cionn 1km ó Bhaile an Longfoirt, i ndeoise Ard Fhearta agus Achadh Deo. Is é John O’Connor Kerry, Tiarna Chiarraí a thóg é in 1470 ar shéipéal eile níos túisce, seans, a bhí tiomnaithe do Naomh Laichtín a bhásaigh in 622 AD. I mí na Bealtaine 1477, thug an pápa Proinsiasach, Pápa Sixtus IV ceadúnas do O’Connor Kerry chun na bráithre a choimeád. Ba í an mhainistir dá bharr sin áit adhlactha shíoraí John O’Connor Kerry in 1485 agus dá dhaoine muinteartha, chomh maith le Tomás Mac Gearailt, oidhre Ridire an Ghleanna, a cuireadh chun báis in 1567. Tar éis do John O’Connor Kerry a sheasamh a shéanadh i bhfabhar a mhic agus a oidhre, chuaigh Cornelius, John agus a bhanchéile Margaret Nagle ar scor sa mhainistir. Bhí cros mhórshiúlach airgid ag Cornelius O’Connor Kerry, a coimisiúnaíodh in 1479 agus atá á sealbhú i Músaem Náisiúnta na hÉireann – Seandálaíocht. Léann an inscríbhinn ghotach: “Chuir Cornelius mac John O’Connor, ceann a chlainne agus Eibhlm, iníon an Ridire, faoi deara dom mé a dhéanamh faoi lámha William O’Connor, A.D. 1479.”
In aice láimhe, thóg Conor Liath O’Connor Kerry (mac John), Caisleán Charraig an Phoill, ag deireadh na 1490idí. Tá an caisleán suite ar phíosa talún amach ó inbhear na Sionainne agus tugadh caomhnóir na Sionainne air. Ba chaisleán é a bhí cosúil le túrtheach Éireannach ach d’fhág suíomh straitéiseach an chaisleáin go raibh ceannas aige ar na bealaí loingseoireachta a d’úsáid trádálaithe chun earraí a sholáthar do Luimneach. Ionsaíodh an caisleán sin le linn an Dara hÉirí Amach i nDeasumhain in 1580. Rinne an Ridire William Pelham, in éineacht leis an Ridire George Carew, ionsaí ar an gcaisleán ar feadh dhá lá le leathchanócha agus culvairin. Thug Iarla Urumhan faoi deara go raibh an caisleán sleamhain le fuil. Ghéill an caisleán, ach an oiread le cuid mhaith áiteanna ina raibh tacaíocht láidir do Dheasumhain.
Is tar éis léigear Chaisleán Charraig an Phoill in 1580 a ionsaíodh Mainistir Lios Laichtín. Tharla an t-ionsaí sin mar gheall ar theip an dara hÉirí Amach i nDeasumhain agus maraíodh na manaigh na hAithreacha Donatus O’Hanrahan, Philip O’Shea agus Maurice O’Scallan os comhair na hard-altóra.
Níor fhill na manaigh arís go dtí 1629, ach ionsaíodh agus scriosadh arís é, le linn fheachtas Chromail in 1652. Cuireadh sa talamh an chros mhórshiúlach airgid, a coimisiúnaíodh in 1479. Seans gurb iad na manaigh a chuir í. Níor thángthas uirthi go dtí mí an Mhárta 1871 agus trí thaisme a tharla sé sin nuair a bhí feirmeoir áitiúil amuigh ag treabhadh. Tréigeadh an mhainistir ina dhiaidh sin agus bronnadh ar roinnt daoine í, ina measc James Scolls, an Ridire Edward Denny agus, in 1860, ar John Tuomy.
Is teach fada é Mainistir Lios Laichtín atá roinnte idir cór agus meánlann. Bhí túr ann, struchtúr ceithre stór a bhí 60 troigh ar airde, atá imithe anois le fada, suite os cionn an chóir. Ba limistéar a bhí sa chór, idir an mheánlann agus an neimheadh, chun suíochán a thabhairt don chléir agus don chór, agus solas aige ó fhuinneog sa bhalla thoir. Tá an fhuinneog sin roinnte i gceithre chuid ag muillin chloiche agus féitheach barra os a cionn. Tá trí fhuinneog i mballa ó theas den chóir agus iad roinnte ag muillin chloiche. Tá na fuinneoga ar fad déanta as aolchloch ghearrtha agus tá siad uilig pointeáilte. Ar fud bhalla theas an chóir tá sedilia triarach, suíochán don chléir, i gcloch. Tá doras ar bhalla thuaidh an chóir agus as sin téann tú chuig an bproinnteach ar urlár na talún agus an suanlios os a chionn. Tá 30 fuinneog san fhoirgneamh seo, agus soir ó thuaidh uaidh tá struchtúr dhá stór ann ina raibh clóiséad na mainistreach.
Tá dhá phointe iontrála sa mheánlann, cuid lárnach den fhoirgneamh chun freastal ar an bpobal. Ar an mbinn thiar tá an príomhbhealach isteach. Múnlaíodh é ó aolchloch ghearrtha agus tá sé beagnach 2m ar airde. Os cionn an dorais tá fuinneog phointeáilte, fuinneog désholais a bhí inti ó thús. Tá an dara pointe iontrála ar an mballa ó theas, tá sé 1.7m ar airde agus déanta as aolchloch ghearrtha. Tá dhá chuasán tuama le cumhdaigh agus stuaiceanna i bhfoirm chíme sa bhalla ó thuaidh i dtaobh istigh na meánlainne.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Lios Laichtín
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 7.0 km ón Mainistir Phroinsiasach Lios Laictín
Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach
Timpeall 12.6 km ón Mainistir Phroinsiasach Lios Laictín
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 30.1 km ón Mainistir Phroinsiasach Lios Laictín
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 33.1 km ón Mainistir Phroinsiasach Lios Laictín
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 33.8 km ón Mainistir Phroinsiasach Lios Laictín
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 46.0 km ón Mainistir Phroinsiasach Lios Laictín