Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Phroinsiasach Mhucrois

Áit dúchais an chrainn iúir is sine in Éirinn, is dóichí

Unguided sites

Mucros
Contae Chiarraí

Mainistir Phroinsiasach Mhucrois

Áit dúchais an chrainn iúir is sine in Éirinn, is dóichí

Unguided sites

Mucros
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Mhucrois

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Phroinsiasach Mhucrois

Ba é an faicsean Comhallach de chuid Ord na bProinsiasach a bhunaigh Mainistir Mhucrois (nó Mainistir Locha Léin) in 1448, le tacaíocht pholaitiúil agus pátrúnacht airgid an Taoisigh Ghaelaigh, Donal Mór Mac Charthaigh.

Tógadh mainistreacha, cosúil leis an mainistir in aice láimhe ar Oileán Inis Faithlinn, chun go mbeadh cónaí ar mhanaigh ann, scoite amach ón tsochaí, agus saol cúlráideach machnamhach na paidre á chaitheamh acu. É sin ráite, thaistealaíodh na Bráithre Proinsiasacha a raibh cónaí orthu sa mhainistir seo chuig na bailte máguaird go rialta, chun seanmóirí a thabhairt do mhuintir na háite. Ba ‘ord déirce’ iad, agus bhronnadh muintir na háite bia agus soláthairtí orthu, ina measc sin Muintir Mhic Cárthaigh, a mbíodh an-chumhacht acu.

Tá gnáthdhearadh Proinsiasach ar an mainistir: séipéal mór atá roinnte ina mheánlann don chuallacht ar an taobh thiar agus saingeal ar an taobh thoir, áit a ndeirtí an tAifreann ar an altóir. Tógadh clogás mar theorainn idir an dá áit sin; agus d’fhéadfaí go raibh “scáthlán croise” ann ag an tús, suiteáilte thíos faoi. Ar an taobh theas de tá croslann chun paidir phríobháideach a rá, a mbíodh dealbha agus altóirí taoibh ann, is dóichí, tiomnaithe do Naomh Proinsias nó do Mhuire, máthair Íosa. Tá clabhstra ar an taobh thuaidh den séipéal, áit a siúladh na manaigh agus paidir mhachnamhach á rá acu. Tá crann iúir fós ann inniu sa lár; meastar go bhfuil sé ar cheann de na crainn iúir is sine in Éirinn, toisc gur dócha go bhfuil sé suas le 400 bliain d’aois. In 1756, scríobh duine de na chéad turasóirí a tháinig go Cill Áirne, an Sasanach Charles Smith, go raibh sé ar cheann de na crainn iúir ab airde dá bhfaca sé riamh: “Caitheann na géaga leathana, mar a bheadh scáth báistí mór, scáil ar chuasáin an chlabhstra mhóir”. (Tá an-saibhreas béaloidis fós ann faoin gcrann sin, ní nach ionadh, agus faoin dochar osnádúrtha a dhéanfaí ar dhuine ar bith a chuireann as dó.) Tá teach caibidle/suanlios ar theorann an chlabhstra, ina mbíodh na manaigh ag ithe agus ag maireachtáil, cistin, sacraistí/beistrí, proinnteach, agus Teach an Phrióra, ina mbíodh cónaí ar cheannasaí na caibidle Proinsiasaí i Mucros.

Scrios fórsaí Shasana Eilís I Mainistir Mhucrois le linn an Éirithe Amach i nDeasumhain ag deireadh an 16ú haois. In 1652, rinne aonad ó Mhodh-Airm Nua Chromail ruathar ar an mainistir, faoi cheannas an Ghinearáil Shasanaigh Edmond Ludlow, agus baineadh an díon de ionas nárbh fhéidir cónaí ann níos mó. Maraíodh roinnt Proinsiasach le linn an ionsaithe sin. Theith na daoine a tháinig slán as an ionsaí chun na Fraince mar theifigh, agus tréigeadh na foirgnimh. Chuir na Sasanaigh an Taoiseach, file, agus reibiliúnaí Gaelach Piaras Feiritéar (1600 – 1653), ar phríomhphearsa é in Éirí Amach na hÉireann 1641, chun báis i gCill Áirne in 1653, agus cuireadh i Mainistir Mhucrois é. Sa 17ú agus 18ú haois, ba reilig í Mainistir Mhucrois, ina gcuirtí an dream deireanach d’fhilí Gaelacha mór le rá ó Chiarraí, Aodhagán Ó Rathaille (c.1670–1726) agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748 – 1784) ina measc siúd. Tá uaigh Neilus O’Leary, ceannaire IRA a throid i gCogadh na Saoirse agus a fuair bás go gairid i ndiaidh dheireadh Chogadh na gCarad i ndeireadh na 1920dí, ar an uaigh is iomráití i reilig Mhainistir Mhucrois inniu.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Phroinsiasach Mhucrois

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol