Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mungairit atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Séipéil Mhungairit
Is iad Trí Shéipéal Mhungairit Mainistir Mhungairit, Seanséipéal Mhungairit agus Séipéal Neasáin. Tá siad suite 4 km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh i sráidbhaile Mhungairit.
Bhunaigh Naomh Neasán an mhainistir roimh 551 AD. Tógadh í chun freastal ar suas le sé shéipéal agus 1,500 manach. Sa bhliain 908 AD, bhronn Rí Mumhan, Cormac mac Cuilennáin, trí unsa óir agus casal sróil — an éide liotúirgeach amuigh a chaitheann an chléir a cheiliúrann an Eocairist — ar an bpríomhshéipéal (an mhainistir). Suíomh mór saibhir ba ea é agus, dá bhrí sin, rinne na Lochlannaigh é a scriosadh agus a chreachadh, ceithre huaire ar a laghad. Mhill Domnall Ua Lochlainn (Ardrí na hÉireann, más fíor) an mhainistir in 1107. Thug Muirchertach Ua Briain a dhúshlán do theideal an Ardrí agus b’fhéidir gurb é sin an fáth a ndearna sé an scrios. Bhí Ua Briain i gceannas ar Baile Átha Cliath, Port Láirge agus Luimneach ag an am sin. Go deimhin, bhí cuid mhór den tír faoi cheannas Ua Briain, diomaite den Iarthuaisceart, a bhí á rialú ag Ua Lochlainn.
Bhronn Domnall Mór Ua Briain, Rí Thuamhan, an mhainistir, nó a raibh fágtha di, ar Brictius, Easpag Luimnigh, sa bhliain 1179 i ndiaidh scoilt na Mumhan.
Tá Seanséipéal Mhungairit i reilig bheag soir ón mainistir. Tá fuinneog rinneach spréite, atá ard agus caol, sa bhalla binne thoir. Tá dhá fhuinneog spréite, atá ard agus caol, sa bhall theas. Struchtúr réamh-Normannach is ea í dar leis na saineolaithe.
Tá saingeal agus corp eaglaise i Mainistir Mhungairit, chomh maith le túr ag an gceann thoir. Cuireadh an túr in airde sa 15ú céad, baineann an saingeal leis an 13ú céad, ach ní fios cathain a cuireadh an corp eaglaise san áireamh. Is léir go ndearnadh mionathruithe ní ba nuaí ar an saingeal sa 15ú céad mar gur cuireadh fásáil úr ar na ballaí ó thuaidh agus ó dheas. Tá fuinneog sa bhalla thoir; fuinneog rinneach dhá léas í lena ngabhann ursaineacha seaimféaráilte céimnithe. Tá sí spréite agus is as gaineamhchloch a rinneadh í. Tá na muillin déanta as aolchloch nua-aimseartha. Mionléas spréite ceannchruinn í an fhuinneog sa bhalla thuaidh. Ina theannta sin, tá staighre múrach sa bhalla thuaidh a théann suas go háiléar os cionn an chinn thiar den chórlann. Tagann an solas trí lúb beag dronuilleogach. Tá bearna eile san áiléar ina bhalla theas trína mbaintear clóiséad amach. Tá linn ionnalta triufcheannach sa bhalla theas. Maidir leis an leac, tá an babhla ar iarraidh. Tá ceithre fhuinneog spréite ann atá ar nós fuinneoga caola, ach tá siad blocáilte anois.
Ó thaobh chorp na heaglaise de, tá sé déanta as spallaí aolchloiche. Is ann do chúinní aolchloiche, ach tá trí cinn díobh déanta as gaineamhchloch. Measann na saineolaithe go raibh atógáil i gceist anseo. Táthar fós ag úsáid na reilige atá mórthimpeall an fhoirgnimh.
Cuireadh an túr dhá urlár in airde sa 15ú céad mar áit chónaithe do na sagairt. Tá cloigtheach sa túr agus tá clog ann ar a dtugtar Clog Mhungairit go háitiúil. Meascán de lúba spréite dronuilleogacha iad na fuinneoga. Shuíodh an chéad urlár ar choirbéil agus tá fuinneoga spréite dronuilleogacha ar na ballaí thuaidh agus theas. Tá múchán simléir, gan an teallach, sa bhalla thoir. Túr caol ceithre urlár is ea an cloigtheach. Tá uchtbhalla air agus tá staighre díreach ann. Saoirseacht aolchloiche atá i gceist leis. Tá mórchúinní cóirithe aolchloiche agus stiallchúrsa cavetto air freisin.
Tá Séipéal Neasáin suite ó thuaidh ón dá cheann eile. Foirgneamh simplí dronuilleogach is ea é. Tá beanna ardchlaonta ag baint leis. Tá rochtain air trí dhoras sa bhinn thiar. Séipéal cillín aonair gan díon atá ann. Tá fuinneog bheag chruinncheannach sa bhall thoir agus tá dhá fhuinneog bheaga eile sa bhalla theas. Táthar den tuairim gurb é seo an ceann is sine de na trí shéipéal.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Shéipéil Mhungairit
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 10.9 km ón Séipéil Mhungairit
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 16.2 km ón Séipéil Mhungairit
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 20.5 km ón Séipéil Mhungairit
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 31.3 km ón Séipéil Mhungairit
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 33.1 km ón Séipéil Mhungairit
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 46.9 km ón Séipéil Mhungairit