Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Teampall Chluain Caoin atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Teampall Chluain Caoin
Tá Teampall Chluain Caoin suite i gcroílár Chontae Luimnigh. Is léiriú ar stair fhairsing na hÉireann é. Bhunaigh Naomh Mo-Diomog an teampall meánaoiseach seo sa 6ú nó sa 7ú céad. Séadchomhartha Náisiúnta is ea é agus tá an creideamh agus an tseasmhacht le sonrú ann.
Tá an struchtúr mar atá sé faoi láthair, a bhaineann le lár an 12ú céad, ar aon dul le maorgacht ailtireachta Ardeaglais Achadh Deo. Cé go raibh an teampall ar anchaoi faoin mbliain 1657, tá dea-bhail fós ar an doras Rómhánúil a bhfuil snoiteáin mhionsonraithe air.
Tá Teampall Chluain Caoin ina áit adhlactha go fóill agus tá scéalta ón ré atá thart le sonrú ann. Tá an stair le haireachtáil i gclocha agus i moirtéal uile an struchtúir. Mar sin de, ní hamháin gur séadchomhartha é, ach is cuntas beo ar oidhreacht na hÉireann é freisin. Cuireann an teampall oidhreacht shíoraí agus spiorad dochloíte Luimnigh i gcuimhne dúinn.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Theampall Chluain Caoin
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 14.0 km ón Teampall Chluain Caoin
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 24.0 km ón Teampall Chluain Caoin
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 35.0 km ón Teampall Chluain Caoin
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 40.9 km ón Teampall Chluain Caoin
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 41.7 km ón Teampall Chluain Caoin
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 46.0 km ón Teampall Chluain Caoin