Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ceisteanna Coitianta: Athraigh agus ceannaigh do thicéad

Cinntíonn áirithint ar líne cead iontrála agus laghdaíonn sé an méid ama a chaitear i scuainí ag suíomhanna gnóthacha. Ag roinnt suíomhanna, tá líon teoranta ticéad ar fáil le ceannach ar an lá.

  • Ar fáil: is féidir leat ticéid a cheannach ar líne fós don turas/am(anna) roghnaithe
  • Níl Ar Fáil Ar Líne: ní féidir ach ticéid don turas/am(anna) seo a cheannach nuair a shroicheann tú an suíomh

Díolta Amach: tá gach ticéad don turas/am(anna) seo díolta

Ciallaíonn sé, ar an dáta atá roghnaithe agat, gur féidir leat cuairt a thabhairt ar an suíomh am ar bith agus tamall a chaitheamh ag siúl thart ar do shuaimhneas.  Beidh áiseanna cuairte ar fáil nuair a shroicheann tú an suíomh agus tá bróisiúir le fáil ag roinnt suíomhanna ar féidir leat iad a íoslódáil roimh ré ón suíomh gréasáin.

Tabhair faoi deara, ainneoin gur turas treoraithe amháin atá le fáil ag roinnt suíomhanna go bhfuil taispeántais féintreoraithe ar fáil freisin ar féidir leat breathnú orthu roimh nó i ndiaidh do thuras treoraithe.

Fáiltimíd roimh áirithintí grúpa más mian leat turais allamuigh scoile nó turais ghrúpa a chur in áirithe déan teagmháil leis an suíomh go díreach.  Is do dhaoine aonair iad áiseanna áirithinte ar líne OPW faoi láthair, agus ní féidir ach uaslíon ticéad a cheannach. 

Is féidir leat do thicéad a thaispeáint ar ghléas móibíleach ag an mbealach isteach chuig an suíomh.  Mura n-éiríonn leat é sin a dhéanamh, tabhair do thagairt áirithinte, ainm nó an seoladh ríomhphoist a d’úsáid tú do d’áirithint a dhéanamh leat, ach ná dearmad go mbeidh tionchar aige seo ar an méid ama a chaitheann tú sa scuaine.

Tá gach suíomh difriúil; d’fhéadfadh go mbeadh 28 lá i gceist nó go mbeadh 6 mhí i gceist, agus ní féidir i gcónaí ticéid a chur in áirithe ar an lá.  Seiceáil coinníollacha iontrála gach suíomh.

Ar an drochuair, ní féidir dáta nó am d’áirithinte a athrú agus tá ticéid neamh-inaistrithe. Féach ar na Téarmaí & Coinníollacha

Ar an drochuair, ní féidir aisíocaíocht a fháil do thicéid.  Féach ar na Téarmaí & Coinníollacha. 

Ár leithscéal, ach d’fhéadfadh cúpla cúis a bheith leis seo:

  • B’fhéidir go bhfuil an ríomhphost deimhnithe i d’fhillteán Turscair nó Dramhphoist.  Seiceáil an bhfuair tú ríomhphost ón bhfearann @opw.ie
  • B’fhéidir go bhfuil earráid chlóscríbhneoireachta i do sheoladh ríomhphoist.  Déan teagmháil leis an suíomh a bheidh in ann a sheiceáil an raibh an áirithint próiseáilte ina hiomláine agus deimhniú a eisiúint má bhí 
  • D’fhéadfadh go mbeadh moill mar gheall ar fhadhbanna leis an bhFreastalaí.  Seiceáil do ríomhphost arís níos déanaí
  • Murar próiseáladh d’áirithint agus má tá an íocaíocht ar feitheamh, cuirfear an íocaíocht ar ais i do chuntas i gceann cúpla lá

Tá brón orainn agus d’fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith ag cur cosc ort d’ordú a chríochnú.  Bain triail as na nithe seo a leanas:

  • Seiceáil do nasc Idirlín agus athnuaigh an leathanach Gréasáin
  • Bain triail as arís ach úsáid Brabhsálaí eile
  • Atosaigh do ríomhaire

D’fhéadfadh cúpla cúis a bheith leis seo:

  • B’fhéidir nach bhfuil cuid de na sonraí ar an leathanach ceart nó líonta isteach.  Seiceáil sonraí shealbhóir an chárta, Cód CVC agus dáta éaga
  • Seachain íocaíochtaí dúbailte agus seiceáil nach bhfuil an íocaíocht déanta cheana féin roimh iarracht eile a dhéanamh
  • Uaireanta cabhraíonn sé má bhaineann tú triail as arís ag úsáid Brabhsálaí difriúil
  • B’fhéidir go bhfuil fadhb leis an gcuntas nó cárta creidmheasa; bain triail eile as agus úsáid cárta difriúil más féidir

Ar an drochuair ní féidir, níl ticéid ar fáil ach ar líne nó le ceannach ag suíomhanna áirithe agus ní féidir leat a bheith cinnte go dtabharfar cead iontrála duit.

Tá ár dtáille struchtúrtha go cúramach againn bunaithe ar na costais a bhaineann le seirbhís ticéadaithe a chur ar fáil agus is gnáthchleachtas é táille riaracháin a bheith le híoc nuair a dhéantar áirithint ar líne.

Ceisteanna Coitianta: Lascainí

Is gá, cosúil le cead iontrála le táille, tá cead iontrála faoi réir ticéid a bheith ar fáil. Cuir do thicéad/do thicéid saor in aisce in áirithe tríd an nasc agus cineál ticéid ceart a roghnú. Cinntigh go dtugann tú do Chárta leat le do dheimhniú áirithinte nó beidh an gnáthráta le híoc.

Ba cheart, má tá tú ag iarraidh a bheith cinnte go mbeidh cead iontrála agat. Is féidir leat do thicéad saor in aisce a chur in áirithint tríd an nasc ‘Cárta Oidhreachta Bliana OPW’ a leanúint agus do Chárta(í) Oidhreachta OPW a cheannach nuair a shroicheann tú an suíomh, ach bí cinnte am breise a chur san áireamh, go háirithe má tá turas féintreoraithe curtha in áirithe agat. Tá seans ann go mbeidh tionchar aige seo ar an méid ama a chaitheann tú sa scuaine chomh maith.

Ar an drochuair, má chuir tú Ticéad Dea-Mhéine in áirithe, ach mura bhfuil tú in ann an cárta lascaine cuí a thaispeáint nuair a shroicheann tú an suíomh, beidh ort an gnáthráta a íoc. Má tá turas treoraithe ag am sonrach curtha in áirithe agat, ciallaíonn sé nach gá go mbeadh cead iontrála agat mar go mb’fhéidir nach mbeadh tú in am mar gheall ar an moill.

Glacann, glacann gach suíomh OPW le cártaí mic léinn bailí nach mór a thaispeáint nuair a shroicheann tú an suíomh chun do Thicéad Mic Léinn a bhailíochtú.

Ar an drochuair, ní féidir. Níl an ráta lascaine ach ar fáil do chuairteoirí atá 60 bliain d’aois agus níos sine

Tabhair faoi deara go bhfuil saorchead isteach ag gach duine atá faoi mhíchumas fisiciúil nó intinne agus ag a gcúramóirí chuig aon suíomh OPW ag a bhfuil táille iontrála le híoc. Táimid ag iarraidh a chinntiú go mbaineann tú an méid tairbhe agus is féidir leat as do chuairt ach tá gach suíomh éagsúil agus is fearr teagmháil a dhéanamh leis an suíomh sula dtugann tú cuairt air.

Níl saorchead isteach do bhaill an Phreasa ar fáil ach má fhaightear cead roimh ré ón suíomh; déan teagmháil leis an suíomh roimh do chuairt.

Tá saorchead isteach ag múinteoir atá ag ullmhú do chuairt scoile ach is gá cead a fháil ón suíomh roimh ré; déan teagmháil leis an suíomh roimh do chuairt.

Ar ‘laethanta saor in aisce’ is iondúil go mbíonn go leor daoine ag iarraidh cuairt a thabhairt ar shuíomh, agus dá réir sin, tá sé tábhachtach go mbeadh gach suíomh in ann déileáil le líon na gcuairteanna i rith an lae ar fad. Déantar é seo lena chinntiú go mbaineann gach cuairteoir taitneamh as a chuairt agus go leantar leis na suíomhanna a chosaint agus chaomhnú. Ar na laethanta speisialta sin, tá cead iontrála ag brath ar thicéid a bheith ar fáil ar an lá.
Má tá aon cheist agat faoi dhátaí ar leith, déan teagmháil leis an suíomh atá i gceist.

Ní gá má tá siad faoi 12 bliain d’aois; ach ní mór duit, áfach, ticéad a chur in áirithe do gach leanbh tríd an nasc ‘Leanbh (Faoi 12)’ a leanúint. Tabhair faoi deara go bhfuil Polasaí Cosanta Leanaí i bhfeidhm ag OPW ina shuíomhanna ar fad agus nach mór go mbeadh duine fásta i dteannta le leanbh atá faoi 18 mbliana d’aois. Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil anseo.

Ar an drochuair, níl an áis seo ar fáil faoi láthair.

Tá cead iontrála laghdaithe nó dea-mhéine le fáil le cártaí ballraíochta ar leith.Cosúil le cead iontrála le táille, tá cead isteach faoi réir ticéad a bheith ar fáil agus ní mór duit an cárta lascaine ábhartha a thabhairt leat nó beidh an gnáthráta le híoc. Má tá turas treoraithe curtha in áirithe agat, ciallaíonn sé nach gá go mbeadh cead iontrála agat mar go mb’fhéidir nach mbeadh tú in am mar gheall ar an moill.

Ceisteanna Coitianta: Ar Cuairt

Ar an drochuair, ní féidir, má cheannaigh tú ticéad do thuras treoraithe, tá am sonrach luaite leis agus níl cead iontrála ach ag cuairteoirí a bhíonn ag an suíomh ag an am sonraithe.

Ar an drochuair, ní féidir. De bhrí nach bhfuil ach cead isteach le ticéad bailí tá sé tábhachtach an líon ceart ticéad a roghnú nuair a bhíonn d’áirithint á déanamh agat, lena n-áirítear gach ticéad dea-mhéine cosúil le húsáideoirí Faoi 13 nó Úsáideoirí Cárta Oidhreachta. Mura raibh sé seo indéanta nuair a bhí an áirithint á déanamh, seiceáil an bhfuil roinnt ticéad fós ar fáil nuair a shroicheann tú an suíomh. Uaireanta, beidh líon teoranta ticéad ar fáil ar an lá dóibh siúd a thagann chuig an suíomh ach ní gá go mbeadh cead iontrála agat agus seans nach mbeidh ag suíomhanna atá an-ghnóthach.

Beidh an áis seo ar fáil ag roinnt suíomhanna ach ní mór duit do thicéid a chur in áirithe.

Mura bhfuil tú in ann freagra do cheiste a fháil nó
más mian leat teagmháil a dhéanamh linn ar chúis éigin eile, déan teagmháil leis an suíomh go díreach.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol