Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
09:30- 16:30
Ionad dúnta
Tá Caisleán Cahir dúnta go dtí go dtabharfar fógra eile
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa & Seanóir: €4.00
Páiste/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Caisleán na Cathrach
Tá Caisleán na Cathrach ar cheann de na caisleáin is mó agus is fearr a bhfuil bail air in Éirinn. Seasann sé go maorga ar oileán creagach ar an tSiúir.
Tógadh an caisleán sa tríú haois déag agus bhí sé mar dhaingean ag craobh na Cathrach de theaghlach cumhachtach na mBuitléarach. Bhí an dearadh a bhí air chomh héifeachtach sin gur ceapadh nárbh fhéidir é a ghabháil, ach i ndeireadh na dála ghabh iarla Essex é in 1599 nuair a úsáideadh gunnaí móra ina choinne den chéad uair. Rinneadh léigear air faoi dhó ina dhiaidh sin le linn Chogaí na Comhdhála.
Nuair a tógadh é, bhí Caisleán na Cathrach chun cinn go mór maidir le dearadh caisleán cosanta agus tá mórán den déanmhas bunaidh ina sheasamh go fóill.
Faoi láthair, tugann taispeántas closamhairc den scoth tuiscint mhionsonraithe don chuairteoir ar stair fhada an chaisleáin. Tagann mórán cuairteoirí chuig an gcaisleán freisin mar gheall ar a ról mar shuíomh scannánaíochta agus teilifíse – bhí sé le feiceáil i léirithe amhail Excalibur agus The Tudors.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Ar oscailt an bhliain ar fad
Meánfhad cuairte: 1 – 1.5 uair an chloig
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- Márta - Lár an Mheithimh
Gach lá 09:30 – 17:30
Cead isteach deireanach 16:45
- Lár an Mheithimh - Lunasa
Gach lá 09:00 – 18:30
Cead isteach deireanach 17:45
- Meán Fómhair - Lár mhí Dheireadh Fómhair
Gach lá 09:30 – 17:30
Last admission 16:45
- Lár mhí Dheireadh Fómhair - Feabhra
Gach lá 09:30 – 16:30
Cead isteach deireanach 15:45
- 24 - 30 Nollaig
Dúnta
Fógra
Teagmháil
Sráid an Chaisleáin
An Chathair
Co. Thiobraid Árann
E21 P652
052 744 1011
cahircastle@opw.ie
Áiseanna
- Seó Closamhairc
- Seomra Gléasta Páiste
- Siopa Leabhar
- Bróisiúr
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Slí Ghorm na Siúire
- Bealach abhann
- Leithris
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Coisbheart oiriúnach
- Madra treorach amháin
- Coinnigh an ráille láimhe
- Rochtain Theoranta
- Fan ar ais ón imeall
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Caisleán na Cathrach
An Teach Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 1.9 km ón Caisleán na Cathrach
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 15.5 km ón Caisleán na Cathrach
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 16.4 km ón Caisleán na Cathrach