Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
15 Márta - 03 Samhain 2024
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh Caisleán Parke dúnta Déardaoin 29 Lúnasa. Gabh mo leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air seo.
Cead isteach
Turas treoraithe/féintreoraithe:
Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil áiseanna cártaí creidmheasa ar fáil ar an suíomh.
Follow us
Caisleán Parke
Tá Caisleán Parke suite i suíomh suntasach ar bhruacha thuaidh Loch Gile i gContae Liatroma.
Is caisleán athchóirithe é a tógadh go luath sa seachtú haois déag, agus ba ann a bhí cónaí ar an bplandálaí Sasanach, Robert Parke. Tá fianaise ann go raibh struchtúr ní ba luaithe ar an suíomh, túrtheach a bhíodh faoi úinéireacht Sir Brian O’Rourke, Tiarna Iarthar Bhréifne tráth. Rinne gobharnóir Sasanach amháin cur síos ar O’Rourke mar ‘an fear is bródúla atá ina bheatha ar domhan faoi láthair’. Chuir sé i gcoinne riail na corónach agus theith sé as Éirinn, ach ghabh fórsaí na Banríona Eilíse é. Caitheadh isteach i dTúr Londan é, cuireadh ar a thriail é agus sa deireadh crochadh ag Tyburn é.
Tharla tubaiste in 1677, nuair a bádh beirt de pháistí Parke sa loch. Tháinig drochbhail ar an gcaisleán ina dhiaidh sin. Ní dhearnadh é a athchóiriú go dtí déanach san fhichiú haois, ag baint úsáid as dair agus as ceardaíocht thraidisiúnta na hÉireann.
Nuair a fhéachtar air ag luí na gréine, bíonn scáthchruth fíorálainn an chaisleáin le feiceáil san uisce.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
15 Márta – 03 Samhain 2024
Gach lá 10:00 – 18:00 Cead isteach deireanach 17:15
Fógra
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil áiseanna cártaí creidmheasa ar fáil ar an suíomh.
Tabhair cuairt anseo
Ar Bhóthar Shligigh-Droim Dhá Thiar (R286), 11km ó bhaile Shligigh nó 7km ó Dhroim Dhá Thiar
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Seó Closamhairc
- Seomra Gléasta Páiste
- Carrchlós
- Páirceáil cóiste
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Leithris
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Madra treorach amháin
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Parke
Mainistir Shligigh
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Timpeall 8.9 km ón Caisleán Parke
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn suite i dtírdhreach drámatúil neoiliteach
Timpeall 12.1 km ón Caisleán Parke
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Ceann de chliabháin an Éirí Amach
Timpeall 21.8 km ón Caisleán Parke
Achmhainní
Parke's Castle Social Guide
Download, print and read our social guide (PDF) about visiting Parke's Castle. This will help first-time visitors to prepare for a visit to Parke's Castle.
Download the Social Guide